Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 18:18 - An Bíobla Naofa 1981

18 Chuir sé fios ar an rí agus chuaigh Eiliácaím mac Hilcíá reachtaire an pháláis, Seabná an rúnaí agus Ióách mac Ásáf an callaire, amach chuige.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

18 Agus a nuáir do ghoireadar chum an rígh, thánic Eliacim mac Hilcíah amach chuca, noch do bhí ós cionn an teaghluigh, agus Sebna an scribhnéoir, agus Ioah mac Asaph an cuimhnightheoir.

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 18:18
12 Tagairtí Cros  

bhí Adorám i bhfeighil an tsaothair éigeantaigh, agus Iahóiseáfat mac Aichíliúd ina chroinicí;


Eilíochoraf agus Aichíá, clann Shíseá, na rúnaithe; Iahóiseáfát mac Aichíliúd an t‑annálaí.


Ansin dúirt Eiliácaím mac Hilcíá agus Seabná agus Ióách leis an bpríomhchornaire: “Labhair as Aramais le do thoil le do shearbhóntaí mar tuigimid í; ná labhair linn as teanga Iúdá i gclos na ndaoine ar na ballaí.”


Ansin chuaigh Eiliácaím mac Hilcíá, reachtaire an pháláis, agus Seabná, an rúnaí, agus Ióách mac Ásáf, an callaire, go Hiziciá agus a n‑éidí stróicthe, agus d'inis dó céard a dúirt an príomhchornaire.


Chuir sé Eiliácaím, reachtaire an pháláis, agus Seabná, an rúnaí, agus seanóirí na sagart, agus iad gléasta in éadach róin, go dtí an fáidh Íseáia mac Ámóz.


San ochtú bliain déag dá réimeas, d'fhonn an tír agus an Teampall a ghlanadh, chuir sé Seáfán mac Azailiá, agus Másaeiá rialtóir na cathrach, agus Ioach mac Ioachaz an callaire, le Teampall an Tiarna a Dhia a ghlanadh.


Éist mar tá fir chalma ag glaoch ar chabhair os ard, na teachtaí a cuireadh ag lorg síochána, tá siad ag gol go léanmhar.


Tháinig reachtaire an pháláis Eiliácaím mac Hilcíá, Seabná an rúnaí agus Ióách mac Ásáf an callaire, tháinig siad ar ais i láthair Hiziciá agus a gcuid éadaigh stróicthe acu, agus d'inis dó ar dhúirt an tArdoifigeach.


Chuaigh reachtaire an pháláis Eiliácaím mac Hilcíá, Seabná an rúnaí, agus Ióách mac Ásáf an callaire, chuaigh siad amach ina airicis.


Chuir sé reachtaire an pháláis Eiliácaím, Seabná rúnaí agus seanóirí na sagart, iad go léir gléasta in éadach róin, go dtí an fáidh Íseáia mac Ámóz.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí