Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 16:5 - An Bíobla Naofa 1981

5 Ansin is ea a thánig Reizín rí Arám agus Peacach mac Ramailiá rí Iosrael chun Iarúsailéim a ionsaí. Chuireadar léigear [air] ach níorbh fhéidir dóibh é a ghabháil.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 ¶ Annsin tháinic Resin rígh na Síria agus Pecah mac Remaliah rígh Israel súas go Hierusalem chum cogaidh: agus do chuireadar slúagh na suidhe air Ahas, achd ní dheachaidh aca air.

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 16:5
10 Tagairtí Cros  

Ach tabharfaidh mé aon treibh amháin dá mhac, ionas go mbeidh lóchrann i mo láthair i gcónaí ag mo shearbhónta Dáiví i m'fhianaise i Iarúsailéim, an chathair a thogh mé mar áit chónaithe do m'ainm.


Dá ainneoin sin, ar son Dháiví, a athair, thug an Tiarna a Dhia lóchrann dó in Iarúsailéim, chinntigh mac ina dhiaidh agus dhaingnigh Iarúsailéim.


San am sin chrom an Tiarna ar Reizín rí Arám agus Peacach mac Ramailiá a chur i gcoinne Iúdá.


Is é an Tiarna féin mar sin a thabharfaidh comhartha daoibh. Seo, tá an ógbhean ag iompar agus ar tí mac a shaolú, agus tabharfaidh sí Ímeánuéil mar ainm air.


“As siocair go bhfuil an pobal seo ag cur suas d'uiscí Shileo a shileann go suaimhneach, agus go bhfuil sé ag creathnú roimh Reizín agus mac Ramailiá,


sular foilsíodh d'olc? Tá tú anois ar aon dul léi; is díol aithise thú ag iníonacha Eadóm agus a comharsana, agus ag iníonacha na bhFilistíneach máguaird a chaitheann drochmheas leat.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí