Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 16:15 - An Bíobla Naofa 1981

15 Thug Áchaz rí an t‑ordú seo do Úiriá an sagart: “Dóigh as seo amach ar an altóir mhór íobairt dhóite na maidine, abhlann an tráthnóna, íobairt uileloiscthe an rí agus a abhlann, agus íobairt uileloiscthe phobail na tíre go léir, agus a n‑abhlann, agus a n‑ofráil dí. Croith uirthi fuil na n‑íobairtí dóite go léir agus fuil na n‑ofrálacha go léir. Maidir leis an altóir chré-umha, beidh sí fúm féin le haghaidh oracal.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 Agus do aithin Ahas do Uriiah an sagart, ghá rádh, Ar an naltóir mhóir loisg ofráil loisge na mhaidne, agus ofráil bhídh an trathnóna, agus iodhbuirt loisge an rígh, agus a ofráil bhídh, agus ofráil loisge dháoine na tíre uile, agus a nofral bhidh agus a nofrála dighe; agus croith uirre fuil na hofrála loisge uile, agus fuil híodhbarta uile: agus biádh an naltóir phraís agumsa do cheasnughadh maille lé.

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 16:15
25 Tagairtí Cros  

Nach as seo a ólann mo thiarna, agus nach leis a dhéanann sé fáistine? Is olc an beart é sin déanta agaibh!’ ”


Théadh an rí go Gibeón le híobairtí a dhéanamh ann, mar is ann a bhí an t‑ardionad a ba mhó tábhacht; d'ofráladh an rí míle íobairt dhóite ar an altóir sin.


Ba shin an clabhsúr ar shaothar na gcolún.


D'ofráil Solamh dhá mhíle fichead damh agus céad agus fiche míle caora mar íobairtí comaoineach don Tiarna. Mar sin a rinne an rí agus clann Iosrael go léir Teampall an Tiarna a choisreacan.


An altóir chré-umha a bhí os comhair an Tiarna, thóg sé chun siúil í ó thosach an Teampaill, mar a raibh sí idir an altóir [nua] agus Teampall an Tiarna, agus chuir ar an taobh thuaidh den altóir [nua] í.


Rinne Úiriá sagart gach ní a d'ordaigh Áchaz do.


Eisean a scrios na hardionaid agus a bhris na colúin, agus a ghearr anuas na cuaillí naofa, agus a rinne smidiríní den nathair chré-umha a rinne Maois mar go dtí sin bhí túis á dó di ag clann Iosrael. Nahuisteán a thugtaí uirthi.


Maidin lá arna mhárach ag tráth íobartha na habhlainne, tháinig uisce ina dtreo ó Eadóm, agus líonadh an dúiche d'uisce.


Ba é líon na n‑íobartach do na híobairtí dóite ná seachtó tarbh, céad reithe, dhá chéad uan; mar íobairt uileloiscthe don Tiarna iadsan go léir.


Seachas sin go léir bhí ofrálacha dóite de choda méithe na n‑íobairtí comaoineach, agus iliomad íobairtí dí ag gabháil leis na híobairtí uileloiscthe. Rinneadh liotúirge Theampall an Tiarna a athnuachan ar an gcuma sin.


Chuir sé iallach ar a chlann mhac gabháil tríd an tine i nGleann Bhein Hionom. Chleacht sé fáistineoireacht, draíocht agus piseoga, agus phléigh sé le lucht asarlaíochta agus feasa. Rinne sé a lán eile oilc i bhfianaise an Tiarna, á ghriogadh chun feirge.


Is ea, dhiúltaigh tú do do phobal, do mhuintir Iacóib; tá an tír lán le lucht feasa, agus le draíodóirí ar nós na bhFilistíneach; agus bítear ag bualadh boise le heachtrannaigh.


Iarrann siad comhairle ar a smut adhmaid, agus is é an cuaille acu a thugann faisnéis dóibh; go deimhin, is dúil sa striapachas a chuireann ar seachrán iad, agus is de dheasca striapachais a d'éirigh siad as bheith faoina nDia féin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí