Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 14:28 - An Bíobla Naofa 1981

28 An chuid eile de stair Iarobám, a imeachtaí go léir, a ghaisce, na cogaí a d'fhear sé, (conas mar a bhuaigh sé an Damaisc agus Hamát i Iáidí), nach bhfuil sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

28 ¶ Anois an chuid oile do ghníomhnibh Ieroboam, agus a ndéarna sé uile, agus a neart, mar do rinne sé cogadh, agus mar do bhean sé Damascus amach, agus Hamat Iúdah, do Israel, nach bhfuilid scriobhtha a leabhar croinice ríogh Israel?

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 14:28
10 Tagairtí Cros  

Chuir Dáiví lucht ceannais i bhfeighil Aram na Damaisce agus ghéill na hAramaeigh go léir do Dháiví agus d'íocadar cáin le Dáiví. Thug an Tiarna an bua do Dháiví cibé áit a dtéadh sé.


Bhailigh roinnt fear ina thimpeall agus rinne ceannaire buíon foghlaithe de (ach rinne Dáiví ár orthu). Chuaigh siad go dtí an Damaisc agus chuir siad faoi ann agus rinne rí ar an Damaisc de.


An chuid eile de stair Iarobám, na cogaí a d'fhear sé, conas a rialaigh sé, tá sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael.


An chuid eile de stair Achaizíá, a imeachtaí, nach bhfuil sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael?


Agus chuaigh Ióáis chun suain lena shinsir, agus adhlacadh é sa tSamáir le ríthe Iosrael. Tháinig a mhac Iarobám i gcomharbacht air.


Ansin chuaigh Iarobám chun suain lena shinsir. Rinneadar é a adhlacadh sa tSamáir le ríthe Iosrael. Tháinig Zacairiá i gcomharbacht air.


Le linn Iótám rí Iúdá (agus Iarobám rí Iúdá) dáileadh iad de réir a gceap faoi leith.


brisfidh mé barraí gheata na Damaisce agus dítheoidh mé áitritheoirí Ghleann Áivin agus rialtóir Bhéit Eidin; agus rachaidh muintir na Síre ar deoraíocht go Cír, a deir an Tiarna.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí