Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 14:23 - An Bíobla Naofa 1981

23 Sa chúigiú bliain déag de réimeas Amaiziá mac Ióáis rí Iúdá rinneadh rí ar Iosrael sa tSamáir de Iarobám mac Ióáis. Bhí sé bliain agus daichead ina rí.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

23 ¶ Annsa ccúigeadh bliadhuin déag do Amasiah mac Ioas rígh Iúdah do thosuigh Ieroboam mac Ioas rígh Israel a ríghe a Samária, agus do bhí na rígh blíaghuin agus dá fhithchiod.

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 14:23
13 Tagairtí Cros  

Dúirt an Tiarna le Iéahú: “Ós rud é go ndearna tú go maith a raibh taitneamhach i mo láthair, agus gur chuir tú i gcrích gach ar bheartaigh mé i mo chroí in aghaidh theaghlach Acháb, beidh do shliocht ina suí i ríchathaoir Iosrael síos go dtí an ceathrú glúin.”


Ansin chuaigh Ióáis chun suain lena shinsir, agus shuigh Iarobám ina ríchathaoir. Adhlacadh Ióáis sa tSamáir le ríthe Iosrael.


Sa dara bliain de réimeas Ióáis mac Iahóácház rí Iosrael rinneadh rí ar Iúdá d'Amaiziá mac Ióáis.


An chuid eile de stair Ióáis, a imeachtaí go léir, agus a ghaisce, agus conas mar a throid sé le hAmaiziá rí Iúdá, nach bhfuil sé sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael?


Agus chuaigh Ióáis chun suain lena shinsir, agus adhlacadh é sa tSamáir le ríthe Iosrael. Tháinig a mhac Iarobám i gcomharbacht air.


Eisean a d'atóg Éalat agus a fuair ar ais do Iúdá é tar éis don rí dul chun suain lena shinsir.


Rinne sé an t‑olc i súile an Tiarna agus níor scar sé le haon pheaca inar threoraigh Iarobám mac Nabát Iosrael.


Ach gheall an Tiarna nach scriosfadh sé ainm Iosrael ó chlar na cruinne agus d'fhuascail sé iad le láimh Iarobám mac Ióáis.


Sa seachtú bliain déag de réimeas Iarobám rí Iosrael thánig Azairiá mac Amaiziá i gcoróin ar Iúdá.


Le linn Iótám rí Iúdá (agus Iarobám rí Iúdá) dáileadh iad de réir a gceap faoi leith.


Briathar an Tiarna a labhraíodh le Hóisé, mac Bhéirí, in aimsir Uizíá agus Iótám agus Áchaz agus Hiziciá, ríthe Iúdá, agus in aimsir Iarobám, mac Ióáis, rí Iosrael.


Briathra Amós, aoire de chuid Theacóá. Fís a bhí aige faoi Iosrael i laethanta Uiziá, rí Iúdá, agus i laethanta Iarobám mac Ióáis, rí Iosrael, dhá bhliain roimh an gcrith talún.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí