Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 14:19 - An Bíobla Naofa 1981

19 Rinneadh comhcheilg ina aghaidh in Iarúsailéim agus theith sé go Láicís ach chuaigh an tóir ina dhiaidh go Láicís agus cuireadh chun báis ansiúd é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

19 Anois do chumadar feall iona aghaidh ann Ierusalem: agus do theith sé go Lachis; achd do chuireadarsan na dhíagh go Lachis, agus do mharbhadar ann sin é.

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 14:19
17 Tagairtí Cros  

An chuid eile de stair Amaiziá, nach bhfuil sé go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá?


Iompraíodh ar ais ar chapaill é agus adhlacadh é i nDúnfort Dháiví lena shinsir.


Rinne Sealúm mac Iáibéis comhcheilg ina aghaidh agus chuir chun báis é ag Ibleám, agus thanig i gcoróin ina dhiaidh.


Ansin ghabh Manachaem mac Gháidí suas ó Thirzeá, chuaigh isteach sa tSamáir, mharaigh Sealúm mac Iáibéis inti, agus tháinig i gcoróin ina áit.


Rinne Peacach mac Ramailiá, a cheann feadhna, comhcheilg ina aghaidh agus threascair é sa tSamáir, i ndúnfort an pháláis (Argob agus Airié). Bhí leathchéad d'fhir Ghileád lena chois; mharaigh sé an rí agus tháinig i gcomharbacht air.


Rinne Hóiséa mac Éalá comhcheilg ansin in aghaidh Pheacach mac Ramailiá. Rinne sé an rí a dhúnmharú agus tháinig i gcomharbacht air (san fhichiú bliain de réimeas Iótám mac Uizíá).


Ansin chuir Hiziciá rí Iúdá teachtaireacht go rí na hAsaíre i Láicís. “Rinne mé coir; cas i leataobh uaim; cuirfidh mé suas le cibé pionós a leagfaidh tú orm.” Agus d'éiligh rí na hAsaíre trí chéad tallann airgid agus tríocha tallann óir ar Hiziciá rí Iúdá.


Chuir rí na hAsaíre an priomhchornaire (an ceann feadhna agus an príomhchoillteán) agus slua mór ó Láicís go Hiziciá rí in Iarúsailéim. Ghabh sé suas go Iarúsailéim agus nuair a tháinig sé ansiúd, sheas sé taobh le sileán na linne uachtair atá ar an mbóthar go Gort an Úcaire.


Rinne oifigigh Ámón comhcheilg ina aghaidh agus mharaigh é ina phálás.


Nuair a chonaic Achaizíá rí Iúdá a raibh ar siúl, theith sé leis i dtreo Bhéit Hagán, ach chuaigh Iéahú ar a thóir agus dúirt: “Treascair eisean chomh maith.” [Ghoineadar é] ina charbad ag ardán Ghúr atá i gcóngar Ibleám agus theith sé go Migideo mar a bhfuair sé bás.


nuair a bhí slua rí na Bablóine ag ionsaí Iarúsailéim agus bailte Iúdá a sheas amach fós, mar atá Láicís agus Azaecá, a raibh fágtha de bhailte Iúdá gan géilleadh, mar bhí siad daingnithe.


Cuirigí na capaill mheara faoi na carbaid, a áitritheoirí Láicís! (Is é seo an chéad pheaca a rinne iníon Shíón; óir bhí cionta Iosrael le fáil ionatsa.)


Ansin chuir Adonaízidic rí Iarúsailéim scéala chun Hóhám rí Heabrón, Pireám rí Iarmút, Iáfia rí Láicís agus Deibír rí Eaglón.


Ghluais Iósua ar aghaidh ó Libneá go Láicís agus sluaite Iosrael go léir fairis; chuir sé léigear uirthi agus d'ionsaigh í.


Láicís, Bozcat, Eaglón,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí