Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 13:23 - An Bíobla Naofa 1981

23 Ach bhí an Tiarna cneasta leo agus ghlac trua dóibh, agus d'iompaigh chucu de bharr an chonartha a rinne sé le hAbrahám, le hÍosác, agus le Iacób, agus níorbh áil leis iad a scrios, ná níor dhíbir sé as a láthair iad (fós).

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

23 Agus do bhí an TIGHEARNA grásamhuil dóibh, agus do ghabh truáighe dhóibh é, agus do bhí meas aige orra, do bhrígh a chunnartha ré Abraham, ré Isaac, agus ré Iácob, agus níor bháill leis a sgrios uile, ná a tteilgion úadh as a lathair fós.

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 13:23
36 Tagairtí Cros  

Dúirt an Tiarna: “Ní foláir gan mo spiorad a fhágáil faoi tháire i gcónaí sa duine, mar nach bhfuil ann ach feoil; ní bheidh ach céad agus a fiche bliain d'fhad saoil aige feasta.”


Ach an ndéanfaidh Dia cónaí dáiríre [i measc an chine dhaonna] ar talamh? Féach! ní féidir leis na flaithis féin ná lena bhflaithis siúd arís thú a choinneáil. Nach lúide mar sin is féidir leis an teach seo atá tógtha agamsa?


Fuair Hazáéil rí Arám bás, agus tháinig Bein Hadad i gcomharbacht air.


Ansin ghuigh Iahóácház chun an Tiarna, agus d'éist an Tiarna leis, mar go bhfaca sé an inghreim a bhí á dhéanamh ag rí Arám ar chlann Iosrael.


Óir chonaic an Tiarna a ghéire a bhí cruachás Iosrael, gan aon duine daor ná saor le teacht i gcabhair ar Iosrael.


Ach gheall an Tiarna nach scriosfadh sé ainm Iosrael ó chlar na cruinne agus d'fhuascail sé iad le láimh Iarobám mac Ióáis.


Mar gheall air sin bhí an Tiarna i bhfeirg le hIosrael agus chaith sé uaidh iad. Níor fágadh ach treibh Iúdá amháin.


Chaith an Tiarna sliocht Iosrael go léir i leataobh; leag ar lár iad, agus thug i lámha lucht a gcreachta iad go dtí ar deireadh gur thiomáin sé uaidh iad.


nó gur chaith an Tiarna Iosrael as a radharc de réir mar a gheall sé trí bhéal a shearbhóntaí go léir, na fáithe. Mar sin atá Iosrael san Asaír ar díbirt óna dtír féin go dtí an lá inniu.


Tharla sin in Iarúsailéim agus in Iúdá de bharr fhearg an Tiarna i dtreo gur chaith sé i leataobh óna láthair iad ar deireadh. Rinne Zidicíá ceannairc in aghaidh rí na Bablóine.


Cuimhníonn sé ar a chonradh go brách, ar a ghealltanas go dtí míle glúin,


an conradh a cheangail sé le hAbrahám, an mionn a mhionnaigh sé do Íosác.


Ar a son siúd chuimhnigh sé ar a chonradh. Ghlac sé trua dóibh as ucht a lánmhaire a bhuanghrá,


Iompaigh do ghnúis ó mo pheacaí agus cealaigh mo chionta go léir.


Mar sin féin, toisc é bheith trócaireach mhaitheadh sé a bpeaca, gan iad a scriosadh. Is minic a chuir sé srian lena fhearg agus nár lig sé a racht amach orthu.


A Thiarna Dia na trua agus na taise, ar deacair thú a spreagadh chun feirge, agus atá lán de ghrá agus d'fhírinne:


Agus d'fhreagair sé: “Seolfaidh mé mo mhaitheas go léir thar bráid os do chomhair, agus fógróidh mé m'ainm, an Tiarna, romhat; beidh mé fabhrach don té is rogha liom, agus beidh mé trócaireach don té is rogha liom.


Ach tar éis dom iad a tharraingt amach beidh trua agam dóibh agus tabharfaidh mé ar ais iad, gach uile dhuine chun a oidhreachta, gach aon duine chun a dhúiche.


má chránn sé féin, is truachroíoch é leis de réir iomadúlacht a bhuanghrá;


ansin cuimhneoidh mé ar mo chonradh le Iacób, agus ar mo chonradh le hÍosác, agus ar mo chonradh le hAbrahám; agus cuimhneoidh mé ar an tír.


Ansin déarfaidh sé le lucht na láimhe clé ar a seal: ‘Imígí uaim, a dhream mhallaithe, isteach sa tine shíoraí a ullmhaíodh don diabhal agus dá chuid aingeal.


(Óir tabharfaidh an Tiarna breith i bhfabhar a phobail, agus beidh trua aige dá shearbhóntaí.) Óir feicfidh sé gur thréig a gcumhacht, agus nach bhfuil aon duine fágtha, daor ná saor.


Gearrfar mar phionós orthu bascadh síoraí i bhfad ó ghnúis an Tiarna agus ó ghlóir a chumhachta,


Chaitheadar uathu na déithe deoranta a bhí acu agus rinneadar fónamh don Tiarna, agus níorbh fhéidir dósan cur suas leis an ngéarleanúint ar Iosrael a thuilleadh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí