Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 13:17 - An Bíobla Naofa 1981

17 “Oscail an fhuinneog thoir,” ar sé, agus d'oscail sé í. Ansin dúirt Eilíseá: “Scaoil an tsaighead,” agus scaoil. Dúirt sé ansin: “Saighead bua an Tiarna, saighead an bhua ar Arám. Brisfidh tú glan ar Arám ag Afaec.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

17 Agus a dubhairt sé, Foscuil an nfuinnéog don leath shoir. Agus dfoscuil sé í. Annsin a dubhairt Elisa, Caith. Agus do chaith seision. Agus a dubhaírt sé, Soighead sháortha an TIGHEARNA, agus soigheadh na tárthala ó Shiria: óir buailfidh tusa na Sírianuigh ann Aphec, no go scroiosfuidh tú íad.

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 13:17
14 Tagairtí Cros  

Nuair a chloisfidh tú trup na gcoiscéimeanna ar bharr na gcrann, ansin ar aghaidh leat mar is é an Tiarna a bheidh ann ag gabháil romhat chun briseadh ar arm na bhFilistíneach.”


San earrach chruinnigh Bein Hadad na hArámaigh agus ghabh suas go hAfaec chun troid in aghaidh Iosrael.


Agus bhíodar suite i gcampa ar aghaidh a chéile ar feadh seacht lá. Ar an seachtú lá fearadh an cath agus rinne clann Iosrael ár ar na hArámaigh, céad míle troitheach san aon lá amháin.


Ansin dúirt sé leis an rí: “Tarraing an bogha,” agus tharraing. Chuir Eilíseá a lámha thar lámha an rí.


Ansin dúirt Eilíseá: “Tóg na saigheada,” agus thóg sé iad. Ansin dúirt sé le rí Iosrael: “Buail an talamh,” agus bhuail sé trí huaire é, agus ansin stad sé.


Tóg an tslat seo i do láimh, agus leis an tslat seo a dhéanfaidh tú na comharthaí.”


D'fhiafraigh an Tiarna de: “Cad é sin i do láimh agat?” “Slat,” arsa Maois.


Scéal seo na croise, is díth céille é dar leo sin atá ar bhealach a millte, ach is é cumhacht Dé é dar linne atá ar bhealach ár slánaithe.


rí Afaec, duine; rí Laiseárón, duine;


Agus ghabh briathar Shamúéil amach go hIosrael go léir. [Ach bhí Éilí an-aosta, agus lean a chlann mhac orthu lena gcoirpeacht in aghaidh an Tiarna.] [Tharla gur thionóil na Filistínigh an uair sin chun troid in aghaidh Iosrael] agus chuaigh Iosrael amach chun catha in aghaidh na bhFilistíneach agus shuíodar a gcampa láimh le hEibin Eizir, agus a gcampa ag na Filistínigh ag Afaec.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí