Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 11:18 - An Bíobla Naofa 1981

18 Ansin chuaigh muintir na tuaithe go léir go teampall Bhál agus scrios siad é; rinne siad smionagar dá altóirí agus dá íomhánna, agus mharaigh siad Matán, sagart Bhál, os comhair na n‑altóirí. Agus chuir an sagart fir faire ar garda ar Theampall an Tiarna.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

18 Agus do chúadar muinntir na tíre uile go tigh Bhaal, agus do bhrisiodar síos é; a altóracha agus a íomhaigheacha do bhriseadar na mbloghuibh thríd amach, agus do mharbhadar Matan sagart Bhaal as coinne na naltórach. Agus dórduigh an sagart oifigidh ós cionn thighe an TIGHEARNA.

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 11:18
24 Tagairtí Cros  

Dúirt Éilias: “Gabhaigí fáithe Bhál agus ná ligigí d'aon duine díobh éalú.” Ghabhadar iad agus thug Éilias síos go Gleann Chíseon iad agus bhásaigh ansiúd iad.


Chuir Iéahú teachtairí ar fud Iosrael agus tháinig lucht adhartha Bhál go léir, agus níor fhan oiread agus duine gan teacht. Isteach leo i dteampall Bhál agus líonadh teampall Bhál ó cheann ceann.


A luaithe dá bhrí sin a bhí an íobairt loiscthe ofráilte aige dúirt Iéahú leis an ngarda agus leis na hoifigigh: “Isteach libh agus cuirigí chun báis iad; ná scaoiligí le haon duine.” Agus chuaigh an garda agus na hoifigigh isteach agus chuireadar iad go léir chun báis go dtí gur bhaineadar amach sanctóir theampall Bhál.


Thógadar an [cuaille naofa] as teampall Bhál agus dhódar é.


Scriosadar [altóir] Bhál agus scriosadar teampall Bhál chomh maith, agus rinneadar camraí de agus tá sé amhlaidh go dtí an lá inniu féin.


Eisean a scrios na hardionaid agus a bhris na colúin, agus a ghearr anuas na cuaillí naofa, agus a rinne smidiríní den nathair chré-umha a rinne Maois mar go dtí sin bhí túis á dó di ag clann Iosrael. Nahuisteán a thugtaí uirthi.


Thruailligh sé an fhoirnéis i nGleann Bein Hionnom i dtreo nárbh fhéidir d'aon duine a mhac nó a iníon a chur tríd an tine in ómós do Mhoilic.


Rinne sé bruscar de na colúin naofa, ghearr anuas na cuaillí naofa, agus chlúdaigh na háiteanna ar ar sheas siad le cnámha daoine.


Chuir sé chun báis ar na haltóirí sagairt uile na n‑ardionad a bhí ansiúd, agus loisc sé cnámha daoine orthu. Ansin d'fhill sé go Iarúsailéim.


D'ionsaigh siad Iúdá agus rinne ionradh air agus thugadar leo an mhaoin go léir a fuair siad, a bhain le teaghlach an rí, agus a chlann mhac, agus a chuid ban, i dtreo nach raibh mac fágtha aige ach Achaizíá, an té ab óige.


Scartáladh altóirí na mBálaím ina fhianaise; leag sé anuas na haltóirí túise a bhí os a gcionn, agus rinne sé smidiríní de na cuaillí naofa, de na híomhánna greanta, agus de na híola de mhiotal leáite; rinne sé luaithreach díobh agus leath sé an luaithreach sin ar uaigheanna na ndaoine a rinne íobairt dóibh.


Bhris sé na haltóirí agus na cuaillí naofa, rinne luaithreach de na híola, agus scartáil na haltóirí túise ar fud thír Iosrael. Ansin d'fhill sé ar Iarúsailéim.


Rug sé greim ar an lao a bhí déanta acu agus loisc é, agus mheil é ina phúdar agus leath ar an uisce é agus chuir d'iallach ar chlann Iosrael é a ól.


agus caithfear síos na déithe bréige go léir.


“Na háiteanna go léir ina ndearna na ciníocha a bheidh á gcur as seilbh agaibh seirbhís dá ndéithe, ar na sléibhte arda, ar na cnoic, agus faoi gach crann glas, ní foláir daoibh iad uile a scrios ó bhonn.


Déanaigí a n‑altóirí a scartáil, a ngalláin a smiotadh, a gcuaillí naofa a ghearradh anuas, agus íomhánna snoite a n‑íol a dhó, agus a n‑ainm a scrios ón áit sin.


Gabhfaidh tú de chlocha ann go dtí go n‑imeoidh an dé as, mar gurbh áil leis thú a mhealladh ón Tiarna do Dhia, a thug thú amach as tír na hÉigipte, as teach na daoirse.


Ach cuirtear an fáidh sin nó an t‑aislingeoir aislingí sin chun báis óir theagasc sé ceannairc in aghaidh an Tiarna bhur nDia, a thug sibh amach as tír na hÉigipte agus a d'fhuascail sibh as teach na daoirse; b'áil leis thú a chlaonadh ón mbealach a d'aithin an Tiarna do Dhia duit a shiúl. Díbir an urchóid sin ó do lár ar an tslí sin.


“Má dheanann do dheartháir, mac [d'athar nó] do mháthar, nó do mhac, nó d'iníon, nó do mhuirnín mná, nó do chara cléibh, thú a mhealladh faoi choim á rá: ‘Téanam agus déanaimís seirbhís do dhéithe eile’ (nárbh eol duit féin ná do d'aithreacha),


ach cuirfidh tú chun báis é; do lámhsa is túisce atá le hardú ina aghaidh á chur chun báis, agus ina dhiaidh sin, lámh an phobail go léir.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí