Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 10:25 - An Bíobla Naofa 1981

25 A luaithe dá bhrí sin a bhí an íobairt loiscthe ofráilte aige dúirt Iéahú leis an ngarda agus leis na hoifigigh: “Isteach libh agus cuirigí chun báis iad; ná scaoiligí le haon duine.” Agus chuaigh an garda agus na hoifigigh isteach agus chuireadar iad go léir chun báis go dtí gur bhaineadar amach sanctóir theampall Bhál.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

25 Agus tárla, an tan do chríochnuigh sé a nofráil loisge dofráil, go ndubhairt Iehu rís an ngárda agus ris na caiptínibh, Imthighidh asteach, agus marbhuidh íad; na léigidh éanduine as. Agus do bhuáileadarsan íad lé fáobhar an chloidhímh; agus do theilg an gárda agus na caiptínigh amach íad, agus do chúadar go cathruigh thighe Bhaal.

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 10:25
10 Tagairtí Cros  

Dúirt Éilias: “Gabhaigí fáithe Bhál agus ná ligigí d'aon duine díobh éalú.” Ghabhadar iad agus thug Éilias síos go Gleann Chíseon iad agus bhásaigh ansiúd iad.


Ansin chuaigh muintir na tuaithe go léir go teampall Bhál agus scrios siad é; rinne siad smionagar dá altóirí agus dá íomhánna, agus mharaigh siad Matán, sagart Bhál, os comhair na n‑altóirí. Agus chuir an sagart fir faire ar garda ar Theampall an Tiarna.


Chuir sé chun báis ar na haltóirí sagairt uile na n‑ardionad a bhí ansiúd, agus loisc sé cnámha daoine orthu. Ansin d'fhill sé go Iarúsailéim.


Ná déan éagóir ar dheoraí ná leatrom, mar ba dheoraithe sibh féin i gcríocha na hÉigipte.


Agus dúirt sé leo: “Seo mar a deir an Tiarna, Dia Iosrael: ‘Gabhadh gach fear díbh a chlaíomh lena ais, agus téadh sé sall agus anall ó gheata go geata ar fud an champa; agus maraíodh fear a dheartháir, fear eile a chomrádaí, fear eile a chomharsa.’ ”


Agus dúirt an rí leis an díorma garda a bhí ína seasamh ina thimpeall: “Ar aghaidh libh agus cuirigí sagairt an Tiarna chun báis, mar gur thug siadsan freisin lámh chúnta do Dháiví; bhí a fhios acu go raibh sé ar teitheadh ach níor insíodar dom é.” Ach níorbh áil le searbhóntaí an rí lámh dhearg a imirt ar shagairt an Tiarna.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí