Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 10:13 - An Bíobla Naofa 1981

13 tharla sé le bráithre Achaizíá rí Iúdá ag Béit Éicid na nAoirí: “Cé hé sibh féin?” a d'fhiafraigh sé. “Sinne bráithre Achaizíá,” ar siad, “agus táimid ar ár mbealach síos ar thuairisc chlann mhac an rí agus chlann mhac na banríona.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Tárla Iéhu ré dearbhráithribh Ahasiah rígh Iúdah, agus a dubhairt, Cía sibhsi? Agus do fhreagradarsan, Atámaoidne dearbhraithre Ahasiah; agus atámáoid ag dul síos do chur fáilte roimhe chloinne an righ agus cluinne na bainríoghna.

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 10:13
8 Tagairtí Cros  

Chuir sé chun bóthair ansin go dtí an tSamáir. Ar an tslí dó


“Gabhaigí ina mbeatha iad,” ar sé. Agus ghabhadar ina mbeatha iad agus chuir sé chun báis iad ag an umar ag Béit Éicid, beirt agus daichead díobh, gan fear inste scéil a fhágáil.


Ansin chuaigh Iahórám chun suain lena shinsir agus adhlacadh é lena shinsir i nDúnfort Dháiví. Tháinig a mhac Achaizíá i gcomharbacht air mar rí.


D'fhill Iórám rí ar Izréil le téarnamh ó na créachtaí a fuair sé i Rámá agus é ag troid in aghaidh Hazáéil rí Arám. Ghabh Achaizíá mac Iahórám rí Iúdá síos go Izréil ar thuairisc Iórám mac Acháb mar go raibh sé breoite.


D'ionsaigh siad Iúdá agus rinne ionradh air agus thugadar leo an mhaoin go léir a fuair siad, a bhain le teaghlach an rí, agus a chlann mhac, agus a chuid ban, i dtreo nach raibh mac fágtha aige ach Achaizíá, an té ab óige.


go dtáinig ceithre scór fear ó Sheicim, ó Shileo agus ón tSamáir, a raibh a bhféasóga bearrtha, a n‑éadaí stróicthe agus a gcneas gearrtha; bhí íobairtí agus túis ina lámha á dtabhairt acu go Teampall an Tiarna.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí