2 Ríthe 10:1 - An Bíobla Naofa 19811 Bhí deichniúr mac agus trí fichid ag Acháb sa tSamáir, agus scríobh Iéahú litir agus sheol í go dtí an tSamáir, go huachtaráin na cathrach, go dtí na sinsir agus go lucht altrama chlann Acháb, á rá: Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)1 Agus do bhí ag Ahab seachdmhoghad mac a Samária. Agus do scriobh Iehu litreacha, agus do chuir go Samária, go húachdaranuibh Iesreell, gus na sinnsioruibh, agus gus an muinutir thug súas clann Ahab, gha rádh, Féach an chaibidil |
Ansin chuaigh sé sa tóir ar Achaizíá agus fuarthas é agus é i bhfolach sa tSamáir agus tugadh é go Iéahú agus cuireadh chun báis é. Ach rinneadar é a adhlacadh. “Ba mhac le Iahóiseáfát é,” ar siad, “a bhí ag lorg an Tiarna le lánchroí.” Ní raibh aon duine fágtha i dteaghlach Achaizíá cumasach go leor le rialú.