2 Peadar 2:10 - An Bíobla Naofa 198110 go háirithe iad siúd a dhéanann iad féin a iompar de réir na colainne in ainmhianta truaillithe, agus gan ach drochmheas acu ar an údarás. Ní eagal leis an dream ceanndána borb seo masla a thabhairt [d'aingil] na glóire; Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)10 agus go háirithe an dream a ghéilleas dʼainmhianta na colainne agus a bhíos beag beann ar a mbíonn i geeannas os a gcionn. Is iad atá ceanndána neamheaglach, nach mbíonn eagla orthu aithis a thabhairt do lucht na glóire, Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)10 iad‐san go mór‐mhór chleachtas droch‐mhianta na colna, le h‐andúil i neamh‐ghlaine, agus do‐bheir droch‐mheas ar smhacht. Daoine ceanndána, antoileacha, ní h‐eagal leo masla do thabhairt do’n tsluagh glórmhar: Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)10 Agus go mórmhór an dream leanus ainmhíana na colla a neamhghloine, agus do bheir neimhchion ar úachdaránachd. Ar mbeith dhóibh andána, lán asda féin, ní bhíonn faitcheas ortha fá anchaint do dhéunamh ar an luchd atá a gcúmhachduibh árda. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201210 go háirithe iad siúd a dhéanann iad féin a iompar de réir na colainne in ainmhianta truaillithe, agus gan ach droch-mheas acu ar an údarás. Ní eagal leis an dream ceanndána borb seo masla a thabhairt dʼaingil na glóire; Féach an chaibidil |
Nuair a chonaic Iosrael go léir nach raibh aon aird á tabhairt ag an rí orthu, d'fhreagair an pobal an rí: “Cén chuid atá againn i nDáiví? Níl aon oidhreacht againn i mac Ieise. Chun bhur mbothanna libh, a Iosrael! Tabhair aire do do theach féin feasta, a Dháiví!” Agus d'imigh Iosrael leo chun a mbothanna.