Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

2 Peadar 2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Acht d’éirigh fáidhe bréige i measc an phobail, agus béidh lucht teagaisc bhréige ’n‐bhur measc‐na, leis, daoine bhéarfas isteach siosmaí millteacha, ag séanadh an Mháighistir féin do cheannuigh iad, ag tarraing scriosta obainn ortha féin.

2 Agus leanfaidh mórán a slighthe déisteannacha; agus maslóchar slighe na fírinne mar gheall ortha.

3 Agus le sainnt déanfaidh siad adhbhar ceannaidheachta dhíbh le briathraibh mealltacha: dream go bhfuil a mbreitheamhnas le tamall fada anois ag teannadh leo, agus nach bhfuil a scrios ag fanamhain fá shuan.

4 Óir munar spáráil Dia na h‐aingle féin nuair do rinneadar peacadh, acht gur theilg sé síos go Tartarus iad, agus gur chuir sé go h‐uachaisibh dorchachta iad, chum iad do chongbháil fá chómhair an bhreitheamhnais;

5 agus munar spáráil sé an sean‐domhan, acht gur shaor sé Naoi, bollscaire fíréan, mar aon le h‐ochtar eile, nuair thug sé díle ar dhomhan na neimh‐fhíréan:

6 agus ag déanamh luaithreáin de chathrachaibh Shodoim agus Ghomorra, gur dhaor sé chum léirscriosta iad, ag déanamh sompla dhíobh dhóibh‐sean do chaithfeadh saoghal neimh‐dhiadha ’n‐a dhiaidh sin;

7 agus gur shaor sé loth fíréan, agus é fá chrádh mar gheall ar shaoghal droch‐bhéasach na gcuirptheach,

8 (óir, ag féachaint agus ag éisteacht dó, agus é ’n‐a measc, do bhí anam an fhíréin úd d’á chiapadh lá ar lá ag a ngníomharthaibh míriaghalta):

9 is eol do’n Tighearna cionnas na fíréin do thabhairt slán as cathuighthibh, agus na neimh‐fhíréin do chongbháil fá phionós fá chómhair lae an bhreitheamhnais;

10 iad‐san go mór‐mhór chleachtas droch‐mhianta na colna, le h‐andúil i neamh‐ghlaine, agus do‐bheir droch‐mheas ar smhacht. Daoine ceanndána, antoileacha, ní h‐eagal leo masla do thabhairt do’n tsluagh glórmhar:

11 a fhad is na h‐aingle féin, gidh gur mó a neart agus a gcumas, nach dtugann siad breith masluightheach ’n‐a n‐aghaidh i bhfiadhnaise an Tighearna.

12 Acht scriosfar iad ’n‐a dtruailliú féin mar ainmhidhthe brúideamhla do réir dúthchais, do chruthuigheadh chum bheith gabhtha agus scriosta, ag labhairt dóibh go masluightheach ar neithibh nach dtuigid,

13 agus do‐gheobhaidh siad tuarastal a gcuirptheachta. Is geal leo mar phléisiúr bheith ag dreabhlas i lár an lae; dream salach, máchaileach, iad go scléipeach ’n‐a bhféastaibh grádha, ag caitheamh fléidhe dhóibh ’n‐bhur gcuideachtain.

14 Atá súile lán d’adhaltrannas aca, súile nach scurann de’n pheacadh; ag mealladh na n‐anmann neamh‐sheasmhach; agus atá a gcroidheacha cleachta ar an sainnt;

15 mic mallachtan is eadh iad. Ag tréigean na slighe dírighe dhóibh, do chuadar ar seachrán, ag leanamhain luirg Bhálaam mhic Bhosóir, do chuir dúil i dtuarastal na h‐éagcóra;

16 acht fuair sé mar achmhusán as ucht a pheacaidh gur labhair asal balbh leis le glór duine, agus gur chuir sé stad le mearbhall an fháidhe.

17 Toibreacha gan uisce is eadh a leithéidí úd, scamaill d’á scuabadh le cuaifeach gaoithe, go bhfuil duibhe na dorchachta i ndán dóibh.

18 Óir, ag labhairt do mórdhálach as baoth‐chainnt dóibh, bréagaid le h‐ainmhiantaibh na colna, le fonn macnais, na daoine atá ag éalódh ó’n dream atá ag siubhal ar mearbhall:

19 ag geallamhain saoirse dhóibh, agus iad féin fá dhaor‐smacht truailleachta, óir bíonn gach duine fá dhaoirse ag an nidh fuair an bhuaidh air.

20 Óir, tar a éis dóibh teacht saor ó thruailliú an tsaoghail tré eolas an Tighearna, agus an tSlánuightheora Íosa Críost, má greamuightear iad ann arís agus má buaidhtear ortha, is measa a staid deiridh ’ná a gcéad staid.

21 Óir dob’ fhearr dóibh gan eolas bheith aca ar shlighe na fíréantachta, ’ná tar a éis dóibh eolas d’fhágháil uirthi, casadh siar ó’n naomh‐aithne tugadh dhóibh.

22 Is é rud d’éirigh dhóibh, mar deir an sean‐fhocal fíor, D’fhill an madadh ar ais chum a aithsceathraighe, agus an chráin do nigheadh chum bheith ag ionfairt san laithigh.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí