Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Corantaigh 2:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Bheartaigh mé i m'aigne, dá réir sin, gan cuairt bhrónach eile a thabhairt oraibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

1 Mar is é rud, bhí sé socair agam gan an dara cuairt ghoilliúnach a thabhairt oraibh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Acht im’ thaobh‐sa, do ceapas im’ aigne nach dtiocfainn chugaibh fá dhoilgheas.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Achd do smuáin mé so riom féin, gan teachd a rís chugaibh a ndoilgheas.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

1 Bheartaigh mé i mʼaigne, dá réir sin, gan cuairt bhrónach eile a thabhairt oraibh.

Féach an chaibidil Cóip




2 Corantaigh 2:1
13 Tagairtí Cros  

Mar sin de, bheartaigh na deisceabail - gach duine acu de réir a ghustail - ar chabhair airgid a chur chun na mbráithre a bhí ina gcónaí in Iúdáia.


Bhí aighneas agus argóint fhada ag Pól agus ag Barnabas leo, agus shocraigh siad go rachadh Pól agus Barnabas agus roinnt eile acu go Iarúsailéim chun dul i gcomhairle leis na haspail agus leis na seanóirí faoin gceist seo.


Ba mhian le Barnabas Eoin dá ngoirtí Marcas a thabhairt leo freisin,


Shocraigh mé i m'aigne fad a bheinn in bhur measc gan aon ní eile a aithint ach Íosa Críost agus eisean arna chéasadh.


Cé acu is rogha libh, mar sin, mé a theacht chugaibh le slat nó mé a theacht le grá agus le spiorad na séimhe?


I dtaca liom féin de, cé go bhfuilim i bhfad uaibh i bpearsa, tá mo spiorad ansiúd faraibh agus, chomh maith agus dá mbeinn in bhur láthair, tá mo bhreith tugtha cheana féin agam ar an té a rinne an gníomh sin,


Dearbhaím daoibh ar m'anam i bhfianaise Dé gur d'fhonn gan goilliúint oraibh a d'fhan mé gan teacht go dtí Corant go fóill.


Is é fáth a bhfuilim á scríobh seo chugaibh agus mé i bhfad uaibh, i dtreo nuair a thiocfaidh mé ar an láthair nach gá dom an déine a oibriú oraibh de réir an údaráis a bhronn an Tiarna orm, údarás chun sibh a thógáil in áit sibh a leagan ar lár.


Is mór an buaireamh agus an scalladh croí a bhí orm ag scríobh chugaibh agus is iomaí deoir a thit ó mo shúile, ach ní d'fhonn sibhse a bhuaireamh a scríobh mé ach d'fhonn is go dtuigfeadh sibh méid mo ghrá daoibh.


Nuair a sheolfaidh mé Artamas nó Tichiceas chugat, brostaighse chugam go Niocopoil mar is ansin atá beartaithe agam an geimhreadh a thabhairt.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí