Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Corantaigh 1:16 - An Bíobla Naofa 1981

16 is é sin le rá, dul bhur mbealachsa chun na Macadóine agus teacht chugaibh athuair ar mo bhealach ar ais ón Macadóin, agus sibhse mé a thionlacan faoi dhéin Iúdáia.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

16 ag tabhairt cuairte oraibh ar mo bhealach go dtí an Mhacadóin, agus ag filleadh oraibh ón Macadóin le caoi a thabhairt daoibh comóradh a thabhairt dom is mé ag imeacht go hlúdaea.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 agus teacht chugaibh arís ó’n Maiceadóin, agus go ndéanfadh sibh mo thíodhlacadh ar an mbealach dom chómh fada le h‐Iúdaea.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Agus gabháil uaibhse go Macedónia, agus teachd a rís ó Mhacedonia chugaibh, agus sibhse do theachd riom dom shéoladh go tír Iúdaighe.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

16 is é sin le rá, dul bhur mbealachsa chun na Macadóine agus teacht chugaibh athuair ar mo bhealach ar ais ón Macadóin, agus sibh-se mé a thionlacan faoi dhéin Iúdáia.

Féach an chaibidil Cóip




2 Corantaigh 1:16
6 Tagairtí Cros  

Rinne an Eaglais iad a thionlacan chun bealaigh, agus ag gabháil dóibh trí Fhéinice agus tríd an tSamáir, d'aithris siad dóibh mar a bhí na págánaigh ag iompú chun Dé, scéal a chuir ardáthas ar na bráithre go léir.


Ach nuair a bhí na laethanta caite againn, ghluaiseamar chun bealaigh agus iad go léir agus a gcuid ban agus páistí dár dtionlacan nó go rabhamar lasmuigh den chathair. Chuamar ar ár nglúine ar an trá ag guí,


Thograigh an Mhacadóin agus Acháia bailiúchán airgid a dhéanamh i gcomhair a bhfuil de bhochtáin ar na naoimh in Iarúsailéim.


Ná bíodh duine ar bith ag caitheamh anuas air. Agus déanaigí é a sheoladh go síochánta ar a bhealach ar ais chugamsa mar táim féin mar aon leis na bráithre ag súil leis.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí