Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Tiomóid 3:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 Caithfidh sé bheith ina cheann maith ar a theaghlach féin agus a chlann a bheith umhal ómósach i ngach slí dó.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

4 Caithfidh sé a theaghlach féin a ordú go maith, agus urraim a bheith ag a chlann óg dó agus smacht a bheith aige orthu.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 acht bheith ceannsa, síothchánta, gan sainnt: bheith ’n‐a dhuine riaghluigheas a theaghlach féin go maith, agus go bhfuil a chlann féin fá smacht le stuaim aige;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Agus na dhuine ríaghluigheas a thigh féin go maith, agá mbí a chlánn fá úmhlachd maille ris an uile thrómghachd;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

4 Caithfidh sé a bheith ina cheann maith ar a theaghlach féin agus a chlann a bheith umhal ómósach i ngach slí dó.

Féach an chaibidil Cóip




1 Tiomóid 3:4
10 Tagairtí Cros  

[Ní dhéanfaidh mé] óir thogh mé é d'fhonn go dtabharfadh sé aithne dá chlann agus dá theaghlach ina dhiaidh slí an Tiarna a choimeád ag déanamh an chirt agus na córa, i dtreo go dtabharfadh an Tiarna d'Abrahám a bhfuil geallta aige dó.”


Fear cráifeach ba ea é agus bhí sé féin agus a theaghlach ar fad ómósach do Dhia; thugadh sé déirc go fial don phobal agus dhéanadh guí chun Dé go buan.


Faoi mar atá an Eaglais faoi smacht Chríost, ar an dála céanná bíodh na mná faoi smacht a gcuid fear i ngach ní.


Mar fhocal scoir, a bhráithre, bíodh bhur n‑aire ar an rud fíor, ar an rud uasal, ar an rud cóir, ar an rud naofa, ar an rud measúil, ar an rud creidiúnach, ar an rud atá suáilceach inmholta.


Caithfidh na déagánaigh gan a bheith pósta ach aon uair amháin agus iad a bheith ina gceann maith ar a gclann agus ar a dteaghlach féin.


bíodh gach seanóir acu gan cháim, agus gan é bheith pósta ach aon uair amháin, agus a chlann a bheith ina gcreidmhigh agus gan drabhlás ná easumhlaíocht a bheith le casadh leo.


Abair leis na fir scothaosta a bheith stuama staidéartha measartha agus a bheith go daingean sa chreideamh, sa ghrá agus san fhoighne.


agus bíse féin i d'eiseamláir acu ar gach cineál dea-iompair: ar ghlaine do theagaisc, ar stuaim


Ach mura mian libh fónamh don Tiarna, déanaigí bhur rogha inniu idir na déithe dá ndearna bhur n‑aithreacha fónamh taobh thall den Abhainn, agus déithe na nAmórach a gcónaíonn sibh ina ndúiche anois, le fónamh dóibh. Maidir liom féin agus le mo theaghlach, ámh, déanfaimid fónamh don Tiarna.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí