Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Tiomóid 1:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Faoi mar a d'iarr mé ort cheana agus mé ag cur chun bóthair go dtí an Mhacadóin, iarraim arís ort fanacht in Eifeasas go fóill chun a fhógairt ar dhaoine áirithe ann gan bheith ag tabhairt saobhtheagaisc uathu,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 Nárab é do dhearmad déanamh mar a mhol mé duit nuair a bhí mé ag imeacht go dtí an Mhacadóin, ach fan san Eiféis ag iarraidh go dian ar dhaoine áirithe gan athrach teagaisc a thabhairt uathu,

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 D’impidheas ort fanamhain i nEiféis, agus mé ag imtheacht fá dhéin na Maiceadóine, chum fógradh do thabhairt do dhaoinibh áirithe gan athrú teagaisc do mhúineadh,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Amhuil do chuir mé dimpidhe ort, cómhnuighe a Néphesus, ar ndul go Macedonia dhamh, ionnus go dtiúbhartha fógrá uáit do dhruing áirighe gan atharrach teaguisg do thabhairt úatha,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Faoi mar a dʼiarr mé ort cheana agus mé ag cur chun bóthair go dtí an Mhacadóin, iarraim arís ort fanacht in Eifeasas go fóill chun a fhógairt ar dhaoine áirithe ann gan a bheith ag tabhairt saobhtheagaisc uathu,

Féach an chaibidil Cóip




1 Tiomóid 1:3
24 Tagairtí Cros  

Nuair a tháinig siad go hEifeasas, scar sé leis an mbeirt eile ann agus chuaigh sé féin isteach sa tsionagóg ag díospóireacht leis na Giúdaigh.


ach ní thoileodh sé chuige. “Ach,” ar seisean agus é ag fágáil slán acu, “tiocfaidh mé ar ais arís chugaibh, más toil le Dia é.” Chuir sé chun farraige ó Eifeasas


Thograigh an Mhacadóin agus Acháia bailiúchán airgid a dhéanamh i gcomhair a bhfuil de bhochtáin ar na naoimh in Iarúsailéim.


Achainím oraibh, a bhráithre, súil a choimeád orthu sin a adhnann achrainn agus a dhéanann deacrachtaí in éadan an teagaisc a múineadh daoibh. Seachnaígí iad,


Mar, má thagann duine éigin ag fógairt Íosa daoibh nach é an té a fhógraíomana, nó má fhaigheann sibh spiorad nach é an Spiorad a fuair sibh uainne, nó má ghlacann sibh le dea-scéal seachas an dea-scéal lenar ghlac sibh, is breá mar a chuireann sibh suas leis.


Ní bheimid inár naíonáin feasta, dár luascadh i measc na dtonn agus dár gcaitheamh anonn agus anall ag gach leoithne theagaisc dá séideann le cealg dhaoine agus a chlisteacht atá siad chun duine a sheoladh ar a aimhleas.


Agus tá súil agam sa Tiarna nach fada go mbeidh mé féin chugaibh chomh maith.


Lean ort ag fógairt agus ag teagasc na nithe sin.


Má chuireann tú na treoracha sin os comhair na mbráithre, beidh tú i do sheirbhíseach fónta ag Íosa Críost, mar go mbeidh tú do do chothú ar bhriathra an chreidimh agus an teagaisc fholláin atá leanta agat.


Tabhair an foláireamh seo don phobal d'fhonn nach mbeadh locht le fáil orthu:


Dúil san airgead is bun do gach olc, agus le barr dúile ann tá daoine áirithe imithe ar fán ón gcreideamh agus is iomaí arraing atá curtha trína gcroí féin acu.


Tabhair foláireamh dóibh siúd a bhfuil flúirse de mhaoin an tsaoil seo acu, gan bheith mórálach astu féin agus gan a muinín a chur i saibhreas díomuan ach i nDia a chuireann gach ní ar fáil dúinn go fial go mbainfimis só as.


Duine ar bith a thugann a mhalairt de theagasc agus nach réitíonn le briathra fónta ár dTiarna Íosa Críost, leis an teagasc atá de réir na cráifeachta,


Sea, go ndeonaí an Tiarna go bhfaighidh sé trócaire ón Tiarna an lá úd - agus is fearr a fhios agatsa na agam féin méid an fhreastail a rinne sé orm in Eifeasas.


Mar go ndeachaigh mórán mealltóirí ar an saol amach, daoine nach n‑admhaíonn teacht Íosa Críost i gcolainn dhaonna. Sin é an mealltóir agus an tAinchríost.


Tá beagán agam i d'aghaidh, áfach, mar tá daoine agat ansin atá ag cloí le teagasc Bhalám, an té a mhúin do Bhalac ceap tuisle a chur os comhair chlann Iosrael le go n‑íosfaidís bia íobartha d'íola agus striapachas a dhéanamh.


Ach tá sé seo agam i d'aghaidh, go scaoileann tú leis an mbean Ízeibil a thugann banfháidh uirthi féin, agus a mhúineann agus a mheallann mo sheirbhísigh chun adhaltranas a dhéanamh agus bia íobartha d'íola a ithe.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí