Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Samúéil 8:19 - An Bíobla Naofa 1981

19 Ach dhiúltaigh an pobal aon aird a thabhairt ar a raibh á rá ag Samúéil, agus dúirt siad: “Ní hea! Teastaíonn uainn rí a bheith orainn,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

19 ¶ Gidheadh do dhíultadar an pobal umhlughadh do ghlór Shamuel; agus a dubhradar, Ni headh; ach biáidh rígh aguinn ós ar gcionn;

Féach an chaibidil Cóip




1 Samúéil 8:19
9 Tagairtí Cros  

Ach níor éist siad agus mheall Manaise iad le níos mó oilc a dhéanamh ná na náisiúin a scrios an Tiarna roimh chlann Iosrael.


Mise an Tiarna, bhur nDia, a sheol sibh as tír na hÉigipte; oscail do bhéal go fairsing agus líonfaidh mé é.


Ach ní éistfeadh mo phobal le mo ghlór; níorbh áil le hIosrael bheith umhal dom.


Ar an gcuma chéanna, roghnóidh mé féin amhgar dóibhsean, agus tarraingeoidh mé orthu na rudaí is mó is eagal leo. Óir ghlaoigh mé agus níor fhreagair aon duine, labhair mé agus ní raibh aon duine ag éisteacht. Rinne siad an rud a b'olc i mo shúile, agus an rud a thaitneodh liom, níorbh áil leo.


“Níl aon rún againn éisteacht leis an bhfocal seo a labhair tú linne in ainm an Tiarna,


Agus anois, de bhrí go ndearna sibh na peacaí seo uile - an Tiarna a labhraíonn - agus gur dhiúltaigh sibh éisteacht nuair a labhair mé go moch agus go mall, agus nár fhreagair sibh nuair a ghlaoigh mé oraibh,


Tagann siad chugat ina sluaite mar is gnáth agus suíonn siad romhat mar phobal de mo chuidse agus cluineann siad do chaint, ach ní toil leo beartú dá réir. Léiríonn siad neart grá lena mbeola, ach téann a gcroí de réir a sainte.


“Nuair a théann tú isteach sa tír atá an Tiarna do Dhia a thabhairt duit, agus go ngabhann tú seilbh air agus cónaí ann, agus ansin go ndeir tú, ‘Ní mór dom rí a cheapadh os mo chionn dála na gciníocha i mo thimpeall,’


Nuair a chonaic sibh Nácháis rí na nAmónach ag teacht do bhur n‑ionsaí, dúirt sibh liom: ‘Ní hea, ní foláir rí a bheith ag rialú orainn,’ cé gurbh é an Tiarna bhur nDia ba rí oraibh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí