Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Samúéil 8:18 - An Bíobla Naofa 1981

18 An lá sin glaofaidh sibh amach os ard mar gheall ar an rí a thoghfaidh sibh daoibh féin, ach ní éisteoidh an Tiarna libh an lá sin.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

18 Agus goirfidhe na comhairc an lá sin ar son an rígh thoighfígh dhaóibh féin; agus ní éisdfe an TIGHEARNA an lá sin libh.

Féach an chaibidil Cóip




1 Samúéil 8:18
13 Tagairtí Cros  

Leag m'athair ualach trom oraibh. Cuirfidh mise, más ea, breis ualaigh oraibh. Bhuail m'athair sibh le lasca; buailfidh mise sibh le scairpeanna.’ ”


Óir cén dóchas atá ag an aindiaga ag [guí] dó, Agus ag ardú a anama chun Dé?


An n‑éistfidh Dia lena ghlao Nuair a thagann an mí-ádh sa mhullach air?


Chuir tú ruaig is raon maidhme ar mo naimhde agus mhill tú an drong a thug fuath dom.


An té a thugann cluas bhodhar d'éamh an bhochtáin nuair a ghlaofaidh sé féin, ní eistfear leis.


Nuair a shíneann sibh amach bhur lámha, iompaím mo shúile uaibh. A liacht paidreacha a deir sibh, níl mise ag éisteacht. Tá bhur lámha lán fola.


Ní hé go bhfuil lámh an Tiarna chomh giorraithe sin nach bhfuasclaíonn, ná a chluas chomh mall nach gcloiseann.


Beidh siad ag siúl na tíre, faoi anró agus faoi ocras agus leis an ocras tiocfaidh fearg orthu agus cuirfidh siad mallacht lena rí agus lena nDia; ag amharc in airde dóibh


Dá bhrí sin, smachtóidh mé iad le teann feirge, gan anacal gan trócaire. Glaoidís orm in ard a gcinn; ach ní thabharfaidh mé aon aird orthu.”


Éifidh siad ar an Tiarna an uair sin ach ní thabharfaidh sé freagra orthu; folóidh sé a aghaidh orthu de bhrí go ndearna siad drochghníomhartha.


Tar éis d'fhear an tí éirí agus an doras a dhúnadh, agus go dtosóidh sibhse, in bhur seasamh amuigh, ag bualadh an dorais ag rá: ‘A Thiarna, oscail dúinn!’ déarfaidh seisean libh do bhur bhfreagairt: ‘Níl a fhios agam cad as daoibh!’


Tógfaidh sé deachú de bhur gcaoirigh agus beidh sibhse in bhur ndaoir aige.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí