1 Samúéil 5:9 - An Bíobla Naofa 19819 Ach nuair a bhí sí tugtha ansiúd, luigh lámh an Tiarna go trom ar an gcathair sin agus tháinig scéin agus sceimhle ar na daoine; bhuail neascóidí muintir na cathrach, idir óg agus aosta, mar go raibh an Tiarna á gciapadh mar sin. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)9 Agus is amhluidh bhí, tar éis íad da breith timchioll fa gcúairt, go raibh lámh an TIGHEARNA a naghaidh na caithreach re díothlaithriughadh romhór: agus do bhuáil sé daóine na caithreach, idir bheag agus mhór, agus do bhádar emeróidigh iona mballuibh secréideacha. Féach an chaibidil |
Chuir siad teachtairí amach dá bhrí sin, agus ghairm siad ceannairí uile na bhFilistíneach chucu agus dúirt leo: “Cuir áirc Dhia Iosrael chun siúil; téadh sí ar ais chun a háite féin, chun nach maróidh sí sinn féin agus ár muintir” - óir bhí scéin agus uafás ar fud na cathrach go léir; luigh lámh Dé go trom ansiúd.