1 Samúéil 5:8 - An Bíobla Naofa 19818 Chuir siad teachtairí amach dá bhrí sin agus ghairm siad ceannairí uile na bhFilistíneach chucu, agus dúirt leo: “Cad a dhéanfaimid le háirc Dhia Iosrael?” D'fhreagair siadsan: “Tugtar áirc Dhia Iosrael ar shiúl go Gat.” Thugadar más ea áirc Dhia Iosrael ansiúd. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)8 ¶ Do chuireadar teachda úadha ar a nadhbharsin agus do chruinnígheadar tighearnadha na Bhphilistíneach uile chuca, agus a dubhradar, Cred do dhéanam re háirc Dé Israel? agus do fhreagradarsan, Beirthear airc Dé Israel fá gcuáirt go Gát. Agus do rugadar aírc Dé Israel fa gcuáirt don náit sin. Féach an chaibidil |
Chuir siad teachtairí amach dá bhrí sin, agus ghairm siad ceannairí uile na bhFilistíneach chucu agus dúirt leo: “Cuir áirc Dhia Iosrael chun siúil; téadh sí ar ais chun a háite féin, chun nach maróidh sí sinn féin agus ár muintir” - óir bhí scéin agus uafás ar fud na cathrach go léir; luigh lámh Dé go trom ansiúd.