Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Samúéil 27:10 - An Bíobla Naofa 1981

10 D'fhiafraíodh Áicís: “Cia ar a ndearna tú an fhoghail inniu?” D'fhreagraíodh Dáiví: “In aghaidh Neigib na gCéineach.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Agus a dubhairt Achis, Cáit a ndéarna tú do thurus a niugh? Agus a dubhairt Dáibhi, A naghaidh an taóibh ó dheas do Iúdah, agus a naghaidh an taóibh ó dheas do na Ierahmeelíteachaibh, agus a naghaidh an taóibh ó dheas do na Ceníteachaibh.

Féach an chaibidil Cóip




1 Samúéil 27:10
21 Tagairtí Cros  

“An tú dáiríre mo mhac Éasau?” ar sé, agus d'fhreagair sé: “Is mé sin.”


Tháinig searbhóntaí Aibseálóm chun na mná sa teach: “Cá bhfuil Aichímeáz agus Iónátán?” ar siad. D'fhreagair an bhean: “D'imíodar leo ar aghaidh i dtreo an uisce.” Rinne siad cuardach dóibh ach nuair nach bhfuair siad iad d'fhill siad ar Iarúsailéim.


Bhí clann mhac ag Iarachmael an mac ba shine ag Heasrón: Rám a chéadghin, Búná, Oirin, Oizim, Aichía.


Clann mhac Heazrón: saolaíodh dó: Iarachmael, Rám, Calúbaí.


Is fuath liom an t‑éitheach agus is gráin liom é; i aoibhinn liom do dhlí.


Coinnigh mé ó shlí na hearráide, agus tabhair dom do dhlí.


Is gaiste é eagla roimh dhaoine, ach ní baol don té a chuireann a mhuinín sa Tiarna.


Ansin d'fhéach sé ar na Céinigh agus chan a laoi, agus dúirt: “Ba dhaingean é do theach, a Cháin, agus do nead suite go hard sa charraig.


Cuirigí uaibh an t‑éitheach, dá bhrí sin, agus labhraígí an fhírinne lena chéile, gach duine agaibh, mar is baill dá chéile sinn.


Ghabh clann Hobab an Céineach, athair céile Mhaois, suas le clann Iúdá ó chathair na bPailmeacha go fásach Iúdá sa Neigib i gcóngar Arád, ach d'imíodar agus chuireadar fúthu leis [na hAmailéicigh].


Bhí scartha ag Heibir an Céineach leis na Céinigh, sliocht Hobab, athair céile Mhaois; bhí a bhoth curtha suas aige ag Dair Zánanaím i gcóngar Cheidis.


Gura beannaithe Iáéil i measc na mban; Bean Heibir, an Céineach; I measc na mban go léir a chónaíonn i mbothanna Gurab í is mó beannacht.


Agus dúirt Sól leis na Céinigh: “Seo libh síos! Imígí, fágaigí bhur mbailte i measc na nAmáiléiceach le heagla go scriosfainn sibhse mar aon leo, óir bhí sibh cineálta le clann Iosrael go léir nuair a thángadar ón Éigipt aníos.” Scar na Céinigh dá bhrí sin ó na hAmáiléicigh.


D'fhreagair Dáiví Aichímeilic sagart: “Thug an rí ordú dom agus dúirt liom: ‘Ná bíodh aon eolas ag aon duine faoin ngnó ar a bhfuilim do do chur, ná faoin ordú atáim a thabhairt duit.’ Maidir le mo shaighdiúirí, tá coinne déanta agam leo ina leithéid seo d'áit.


Ansin tháinig teachtaire go dtí Sól á rá: “Tar gan mhoill, mar tá fogha tugtha ag na Filistínigh faoin tír.”


Níor thug Dáiví fear ná bean riamh beo ar ais leis le scéala a thabhairt go Gat, “Le heagla,” a dúirt sé leis féin, “go sceithfidís orainn á rá: ‘Rinne Dáiví a leithéid seo.’ ” Mar sin a bhí ag Dáiví i rith an ama go léir a bhí sé i ndúiche na bhFilistíneach.


“Cad tá déanta agam?” arsa Dáiví le hÁicís, “cén locht a fuair tú orm ón lá a chuaigh mé isteach i do sheirbhís go dtí anois féin a rá is go bhfuiltear a chosc orm troid in aghaidh naimhde mo thiarna, an rí?”


do mhuintir Rácál, don mhuintir i gcathracha Iarachmael, don mhuintir i gcathracha na gCéineach,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí