Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Samúéil 14:10 - An Bíobla Naofa 1981

10 Ach má deir siad: ‘Tagaigí aníos chugainn,’ rachaimid suas mar bheidh sé sin ina chomhartha gur thug an Tiarna inár lámha dúinn iad.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Achd má deirid mar so, Tigidh súas chugainn; annsin racham súas: óir thug an TIGHEARNA ann ar láimh íad: agus biáidh so na chomhartha aguinn.

Féach an chaibidil Cóip




1 Samúéil 14:10
8 Tagairtí Cros  

An cailín a ndéarfaidh mé léi dá bhrí sin: ‘Leag do chrúsca ar an talamh agus lig dom deoch a ól,’ agus a fhreagróidh: ‘Bíodh deoch agat, agus tabharfaidh mé deoch do do chamaill chomh maith,’ go mba ise, guím thú, an bhean atá roghnaithe agat do do shearbhónta Íosác. Uaidh seo beidh a fhios agam go bhfuil tú cineálta le mo mháistir Abrahám.”


“Seo é an comhartha ón Tiarna,” arsa Íseáia, “go ndéanfaidh sé mar atá ráite aige; arbh fhearr leat an scáth a dhul deich gcéim i bhfad, nó a dhul deich gcéim ar gcúl?”


“Beidh mise leat,” ar sé, “agus beidh seo mar chomhartha agat air gur mise a sheol thú. Nuair a thabharfaidh tú mo phobal leat amach as an Éigipt, déanfaidh tú Dia a adhradh ar an gcnoc seo.”


Dúirt Gideón le Dia: “Má tá sé beartaithe agat dáiríre Iosrael a fhuascailt le neart mo láimhe, mar a dúirt tú,


agus éist lena bhfuil á rá acu; cuirfidh sin misneach ort, agus ansin déanfaidh tú ionsaí ar an longfort.” D'imigh sé síos dá bhrí sin le Purá a ghiolla go dtí urphoist shaighdiúirí an longfoirt.


Nuair a chuirfear na comharthaí sin i gcrích duit, beir ar an bhfaill mar tá Dia leat.


Má deir siad linn: ‘Fanaigí mar a bhfuil sibh go dtéimidne chugaibh,’ fanfaimid mar a bhfuilimid gan dul suas chucu.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí