Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Samúéil 1:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 Nuair a bhí bia agus deoch caite acu i Sileo, d'éirigh Hanná agus sheas sí os comhair an Tiarna. Bhí Éilí an sagart ina shuí ina chathaoir láimh le hursain theampall an Tiarna.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Ann sin déirigh Hannah a nuair a dúadar bíadh a Síloh, agus tar éis íad deoch ól. (A nois do bhí Eli an sagart na shuidhe ar stól láimh ré posta theampuill an TIGHEARNA.)

Féach an chaibidil Cóip




1 Samúéil 1:9
9 Tagairtí Cros  

dúirt an rí leis an bhfáidh Nátán: “Féach, táimse ag cur fúm i dteach céadrais, ach áirc Dé i mboth!”


Iarraim aon ní amháin ar an Tiarna; bím ag tnúth leis de shíor: go gcónóidh mé in áras an Tiarna gach lá de mo shaol; go bhfaighidh mé taitneamh in aoibhneas an Tiarna ‘s go bhfeicfidh mé a theampall.


Cuireann a ghlór na crainn darach ag luascadh, agus fágann sé an choill gan duilliúr, agus cluintear “Glóir!” ó gach aon neach ina theampall.


Is gráin leat lucht oibrithe an oilc; scriosann tú lucht éithigh. Is fuath leis an Tiarna an fear fuilteach agus an cealgaire claon.


Ansin tabharfaidh a mhaistir chun Dé é, á threorú chun an dorais nó na tairsí. Cuirfidh a mháistir poll ina chluais le meana, agus beidh sé ag fónamh dó lena shaol.


Bhí sí an-bhuartha agus ghuigh sí an Tiarna agus na deora léi go goirt.


D'fhan Samúéil ansiúd ina luí go maidin agus ansin d'oscail sé doirse theampall an Tiarna. Bhí eagla air an fhís a insint do Éilí,


Ní raibh lóchrann Dé imithe as fós, agus bhí Samúéil ina luí i dteampall an Tiarna mar a raibh áirc Dé.


Nuair a tháinig sé, bhí Éilí ina shuí ina chathaoir láimh leis an ngeata ag faire an bhóthair mar bhí sé ar ballchrith le himní faoi áirc Dé. Nuair a tháinig an fear seo chun na cathrach leis an scéala, tógadh liú ar fud na cathrach.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí