Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Samúéil 1:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 Ansin dúirt Ealcáná a fear léi: “A Hanná, cad chuige a bhfuil tú ag gol? Cad chuige nach bhfuil tú ag ithe? Cad chuige go bhfuil tú dubhach? Nach fearr mise agat na deichniúr mac?”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Ann sin a dubhairt Elcanah a fear ría, A Hannah cred fá nguilionn tú? cred fá nach itheann tú bíadh? agus cred fá bhfuil do chroidhe dubhach? nach féarr dhuit misi ágad ná deithneamhar mac?

Féach an chaibidil Cóip




1 Samúéil 1:8
11 Tagairtí Cros  

“Cén fáth,” arsa Hazáéil, “go bhfuil mo thiarna ag gol?” D'fhreagair sé: “Mar go bhfuil a fhios agam an urchóid a dhéanfaidh tú do chlann Iosrael; cuirfidh tú a ndaingin trí thine, cuirfidh tú a n‑ógánaigh chun báis le rinn claímh, stollfaidh tú a leanaí ina ngeireacha, agus scoiltfidh tú broinn a mban torrach.”


Nuair a thréigeann a chara an té atá in éadóchas, tugann sé droim láimhe le heagla an Uilechumhachtaigh.


Triallfaidh mé ar altóir Dé, ar Dhia is cúis áthais dom; agus déanfaidh mé do mholadh ar an gcruit a Dhia, ón, a Dhia liom!


Gáir le háthas, a bhean aimrid nár shaolaigh clann; bris amach i ngártha áthais agus lúcháire, tusa nach raibh i bpriacal riamh! Óir is líonmhaire clann na mná tréigthe ná clann na mná céile, a deir an Tiarna.


Sea! i do bhean tréigthe mar atá tú agus an t‑anam cráite ionat, tá Dia ag glaoch ar ais ort. Cé a shéanfadh an bhean atá mar chéile aige óna hóige? a deir do Dhia.


“Cén fáth a bhfuil tú ag gol, a bhean,” ar siad léi. “Mar gur thóg siad mo Thiarna,” ar sí leo, “agus nach eol dom cár chuir siad é.”


Dúirt Íosa léi: “A bhean, cén fáth a bhfuil tú ag gol? Cé atá uait?” Mheas sí gurbh é an garraíodóir é agus dúirt leis: “A dhuine uasail, más tusa a thóg é, inis dom cár chuir tú é agus tabharfaidh mé liom é.”


Mairigí le chéile go síochánta. Impímid oraibh, a bhráithre, foláireamh a thabhairt do na daoine neamhchúiseacha, na daoine faiteacha a spreagadh, cabhrú leis na laga agus bheith foighneach le cách uile.


Tabharfaidh an leanbh misneach duit agus beidh sé mar theannta agat i do sheanaois, óir is í bean do mhic a rug é, an té ar mo é do ghrá di na do sheachtar mac.”


Mar sin a bhí, bliain i ndiaidh na bliana; gach uair dá dtéadh Hanná suas go teach an Tiarna, bhíodh Pinineá ag caitheamh achasán léi. Bhíodh Hanná ag gol dá bharrsan agus ní chaitheadh sí greim bia.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí