Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 8:21 - An Bíobla Naofa 1981

21 Chomhlíon an Tiarna an gealltanas a thug sé; tháinig mise i gcomharbacht ar m'athair Dáiví agus táim i mo shuí i ríchathaoir Iosrael, faoi mar a gheall an Tiarna; tá an teach tógtha agam d'ainm an Tiarna, Dia Iosrael,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

21 Agus do shuighidh mé áit ann sin don náirc, iona bhfuil cunnradh an TIGHEARNA, noch do rinne sé rer náithribh, a núair thug sé amach as crích ná Hégipte íad.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 8:21
8 Tagairtí Cros  

Ní raibh rud ar bith san áirc ach an dá thábla chloiche a chuir Maois inti i Horaeb, táblaí an chonartha a rinne an Tiarna le clann Iosrael nuair a tháinig siad amach as tír na hÉigipte.


Dírigí bhur gcroí agus bhur n‑aigne ar an Tiarna bhur nDia a lorg. Éirígí agus tógaigí sanctóir an Tiarna bhur nDia i dtreo gur féidir libh áirc chonradh an Tiarna agus soithí naofa Dé, a bhreith isteach i dteach a thógfar d'ainm an Tiarna.”


Ansin thóg Maois an fhuil agus chroith ar an bpobal í, agus dúirt: “Seo fuil an chonartha a rinne an Tiarna libh de réir na mbriathra seo go léir.”


D'fhan sé ansiúd fara an Tiarna daichead lá agus daichead oíche gan greim a ithe ná bolgam a ól. Agus scríobh sé ar na leaca focail an chonartha, na Deich nAitheanta.


“Tóg leabhar seo an dlí agus cuir taobh le háirc chonradh an Tiarna do Dhia é. Bíodh sé ansiúd mar fhinné i d'aghaidh,


Agus ag deireadh an daichead lá agus an daichead oíche, tar éis dó an dá chlár chloiche, cláir an chonartha, a thabhairt dom,


Ghabh mé suas faoin sliabh chun na cláir chloiche, cláir an chonartha a bhí an Tiarna a dhéanamh libh, a fháil. D'fhan mé daichead lá agus daichead oíche ar an sliabh, gan greim bia a ithe nó bolgam uisce a ól.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí