Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 6:5 - An Bíobla Naofa 1981

5 Thóg sé breis le taobh bhalla an Teampaill (timpeall bhallaí an Teampaill), timpeall an halla agus an tsanctóra istigh, agus rinne sé seomraí cliathánacha timpeall ar fad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 ¶ Agus re balla an tighe gach éantáoibh do thóg sé séomradha, timchioll balladha an tighe fa gcuáirt, éidir theampall agus oracuil: agus do rinne sé séomradha fa gcuáirt:

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 6:5
26 Tagairtí Cros  

An fiche banlámh tomhaiste ó dheireadh an Teampaill, thóg sé iad de chláir chéadair ó urlár go fraitheacha, agus thóg sé iadsan ar leithligh mar shanctóir, an t‑ionad sárnaofa.


Don bhealach isteach sa sanctóir rinne sé doirse d'adhmad olóige, le [hursaineacha cúigshleasacha],


Bhí an stór íochtarach cúig bhanlámh ar leithead, an ceann láir sé bhanlámh, agus an tríú ceann seacht mbanlámh, mar bhí taobhrianta curtha leis an Teampall lasmuigh aige i dtreo nach mbeadh na cearchaillí i ngreim i mballaí an Teampaill.


“Sé an dualgas atá orthu ná cabhrú le clann Árón i mbun seirbhís Theampall an Tiarna, agus a bheith i bhfeighil na gcúirteanna agus na seomraí, agus gach ní naofa a ghlanadh; sé a ndualgas freastal ar Theampall an Tiarna.


Thug Dáiví ansin do Sholamh, a mhac, an plean do phóirse an Teampaill, dá fhoirgnimh, dá chistí, dá sheomraí uachtair, dá sheomraí cúil, agus don seomra i gcomhair chathaoir na trócaire;


Mhaireadh na ceithre príomhghardaí féin go seasmhach ann. Ba iadsan na Léivítigh a bhí freagrach i seomraí agus i seoda theach Dé.


Ansin thug Hiziciá ordú dóibh seomraí a ullmhú i dTeampall an Tiarna agus rinneadar amhlaidh.


na coinnleoirí lena lóchrainn d'ór fíre le lasadh os comhair an tsanctóra mar a ordaíodh;


Thug na sagairt áirc chonradh an Tiarna go dtí a hionad i sanctóir an Teampaill, is é sin san áit shárnaofa, faoi sciatháin na gceiribíní.


Bhíodarsan chomh fada sin gurbh fhéidir a ndeirí a fheiceáil ón áit shárnaofa os comhair an tsanctóra, ach níorbh fhéidir ó lasmuigh. Tá siad ansin fós go dtí an lá inniu féin.


agus céadghin mic ár gclainne, agus céadghin ár n‑eallaigh, faoi mar atá scríofa sa dlí - do na sagairt ar dualgas i dTeampall an Tiarna céadghin ár dtáinte agus ár dtréada.


Ofráladh íobairtí móra an lá sin agus bhí lúcháir ar an bpobal mar gur mhaith an chúis lúcháire a thug Dia dóibh. Bhí lúcháir ar na mná agus ar na leanaí chomh maith agus is fada ó bhaile ab fhéidir gártha áthais Iarúsailéim a chloisteáil.


Éist le glór mo ghuí is mé ag éamh ort a iarraidh do chúnaimh, ‘s mé ag tógáil mo lámh chugat, a Thiarna, i dtreo do shanctóra naofa.


Ansiúd a bhuailfidh mé leat agus ó lastuas de chathaoir na trócaire, ó idir an dá cheiribín ar áirc na Fianaise, labhróidh mé leat agus tabharfaidh mé duit m'aitheanta uile do chlann Iosrael. ”


Tarraing i do dhiaidh mé, rithimis. Tabhair isteach mé a rí, i do theach féin. Tú ár n‑áthas, tú ár n‑aoibhneas. Mórfaimid do ghrá thar fhíon. Is ciallmhar iad an mhuintir a thug grá duit.


“Imigh go clann na Raecáibíoch agus labhair leo; tabhair go Teampall an Tiarna iad, go ceann de na seomraí, agus tairg dóibh fíon le hól.”


Thug mé go Teampall an Tiarna iad, go seomra mhic Hánán, mac Igdiliá, óglach Dé, láimh le seomra na n‑oifigeach, os cionn seomra Mhásaeiá mhic Shealúm, coimeádaí an dorais.


Thug sé isteach mé ansin sa chúirt sheachtrach a raibh seomraí ann agus pábháil thart timpeall na cúirte; tríocha seomra ar aghaidh na pábhála.


Thug sé ansin mé isteach sa chúirt inmheánach. Bhí dhá sheomra sa chúirt inmheánach, [ceann] ag taobh an gheata thuaidh ag féachaint ó dheas agus an ceann eile ag taobh an gheata theas ag féachaint ó thuaidh.


Thomhais sé a fhad, a bhí fiche banlámh; agus a leithead thar an halla, a bhí fiche banlámh. Dúirt sé liom ansin: “Is é seo an áit is naofa.”


labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: “Abair le do dheartháir Árón gan teacht isteach, nuair a bhuaileann an fonn é, thar fial sa sanctóir i bhfianaise chathaoir na trócaire os cionn na háirce; ba bhaol báis dó é, óir taispeánaim mé féin i néal ar chathaoir na trócaire.


Nuair a chuaigh Maois isteach i mBoth na Teagmhála chun labhairt leis, chuala sé an guth a labhair leis ó lastuas de chathaoir na trócaire a bhí ar áirc na Fianaise ó idir an dá cheiribín. Ansin is ea a labhair sé leis.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí