Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 6:36 - An Bíobla Naofa 1981

36 Thóg sé balla na cúirte istigh le trí chúrsa de chloch ghearrtha, agus cúrsa de bhíomaí céadair.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

36 ¶ Agus do chuir sé súas an cúirt a stigh lé trí phéirsibh do chlochaibh snoighte, agus sé phéirse do shaltachaibh cédair,

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 6:36
10 Tagairtí Cros  

Rinne sé ceiribíní, crainn phailme, agus cnotaí a ghreanadh orthu agus chuir sé cumhdach óir orthu, ag leathadh an óir go cothrom ar an saothar greanta.


Bhí trí shraith de chlocha gearrtha timpeall ar an gcúirt mhór lasmuigh; agus sraith de bhíomaí céadair; bhí sin leis an chúirt inmheánach Theampall an Tiarna agus póirse an Teampaill.


Rinne sé cúirt na sagart, agus an chúirt mhór, agus geataí na cúirte agus chumhdaigh sé na geataí le cré-umha.


Rinne Solamh rí lár na cúirte os comhair Theampall an Tiarna a choisreacan; d'ofráil sé ansiúd an íobairt uileloiscthe, an abhlann agus codanna méithe na n‑íobairtí comaoineach, mar go raibh an altóir chré-umha a rinne Solamh róbheag chun an íobairt uileloiscthe, an abhlann agus na spólaí méithe a iompar.


Bíodh trí chúrsa de gharbhóga cloch ann, agus cúrsa adhmaid; íoctar an costas as ciste an rí.


Léigh sé briathra Irimia as an scrolla; tharla seo i seomra Ghamairiá mhic Sheáfán, rúnaí, sa chúirt ab airde ag dul an Geata Nua isteach i dTeampall an Tiarna, in éisteacht an phobail uile.


Thug sé isteach mé ansin sa chúirt inmheánach tríd an ngeata theas. Thomhais sé an geata theas agus bhí sé ar aon mhiosúr leis na cinn eile.


ach cúirt sheachtrach an teampaill, ná bac léi, agus ná tomhais í mar tugadh í do na ciníocha agus satlóidh siad ar an gcathair naofa faoina gcosa ar feadh dhá mhí agus daichead.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí