Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 6:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Bhí an póirse os comhair halla an Teampaill fiche banlámh ar fhad ar feadh leithead an Teampaill agus deich mbanlámh ar leithead ar feadh fhad an Teampaill.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Agus an póirse as coinne theampuill an tighe, ba fithche cubhad a fhad, do reír leithid an tighe; agus deich ccubhaid a leithiod as coinne an tighe.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 6:3
11 Tagairtí Cros  

An Teampall a thóg Solamh don Tiarna, bhí sé trí fichid banlámh ar fhad, fiche banlámh ar leithead, agus cúig bhanlámh fichead ar airde.


Rinne sé fuinneoga don Teampall le frámaí agus [cliatha].


Bhí trí shraith de chlocha gearrtha timpeall ar an gcúirt mhór lasmuigh; agus sraith de bhíomaí céadair; bhí sin leis an chúirt inmheánach Theampall an Tiarna agus póirse an Teampaill.


Ar chuma blátha a bhí na mullaí ar bharr na gcolún.


Thug Dáiví ansin do Sholamh, a mhac, an plean do phóirse an Teampaill, dá fhoirgnimh, dá chistí, dá sheomraí uachtair, dá sheomraí cúil, agus don seomra i gcomhair chathaoir na trócaire;


Thug sé ansin mé go póirse an Teampaill. Thomhais sé ursaineacha an phóirse; bhí siad cúig bhanlámh ar gach taobh. Bhí an geata isteach ceithre bhanlámh déag ar leithead agus bhí [balla] thrí bhanlámh ar gach taobh de.


Thomhais sé fad an fhoirgnimh ar an taobh thiar ar aghaidh an chlóis agus na ballaí ar gach taobh de; bhí siad céad banlámh. Halla an Teampaill, an seomra inmheánach agus an póirse seachtrach,


Rug an diabhal leis ansin é isteach sa chathair naofa agus chuir sé ar bhinn an Teampaill é


Agus bhí Íosa ag siúl timpeall sa Teampall i bpóirse Sholaimh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí