Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 6:19 - An Bíobla Naofa 1981

19 Sa chuid is faide isteach den Teampall d'ullmhaigh sé an sanctóir istigh le áirc chonradh an Tiarna a chur ann.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

19 ¶ Agus do ghléus sé an toracuil a stigh annsa tigh, do chur aírce chunnartha an TIGHEARNA ann.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 6:19
10 Tagairtí Cros  

An fiche banlámh tomhaiste ó dheireadh an Teampaill, thóg sé iad de chláir chéadair ó urlár go fraitheacha, agus thóg sé iadsan ar leithligh mar shanctóir, an t‑ionad sárnaofa.


Bhí adhmad céadrais timpeall an Teampaill laistigh agus é greanta le hornáidí cnapán agus cnotaí, gan cloch le feiceáil ach adhmad céadrais ar fad.


Bhí an sanctóir istigh fiche banlámh ar fhad, fiche banlámh ar leithead agus fiche banlámh ar airde, agus chuir sé cumhdach d'ór fíre air. Rinne sé altóir chomh maith d'adhmad céadair.


Thóg sé breis le taobh bhalla an Teampaill (timpeall bhallaí an Teampaill), timpeall an halla agus an tsanctóra istigh, agus rinne sé seomraí cliathánacha timpeall ar fad.


na coinnleoirí lena lóchrainn d'ór fíre le lasadh os comhair an tsanctóra mar a ordaíodh;


Thug na sagairt áirc chonradh an Tiarna go dtí a hionad i sanctóir an Teampaill, is é sin san áit shárnaofa, faoi sciatháin na gceiribíní.


Éist le glór mo ghuí is mé ag éamh ort a iarraidh do chúnaimh, ‘s mé ag tógáil mo lámh chugat, a Thiarna, i dtreo do shanctóra naofa.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí