Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 6:16 - An Bíobla Naofa 1981

16 An fiche banlámh tomhaiste ó dheireadh an Teampaill, thóg sé iad de chláir chéadair ó urlár go fraitheacha, agus thóg sé iadsan ar leithligh mar shanctóir, an t‑ionad sárnaofa.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Agus do rinne sé fithche cubhad ar tháobhuibh an tighe, an turlár aráon agus na balladha le cláruibh cédair: do rinne sé a stigh dhó íad, don oracuil, ansa náit ronaómtha.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 6:16
13 Tagairtí Cros  

Bhí daichead banlámh i dtomhas an Teampaill - an halla, os comhair an tsanctóra laistigh.


Thóg sé breis le taobh bhalla an Teampaill (timpeall bhallaí an Teampaill), timpeall an halla agus an tsanctóra istigh, agus rinne sé seomraí cliathánacha timpeall ar fad.


Rinne sé chomh maith Halla na Ríchathaoireach mar a dtugadh sé breith, Halla na Breithe sé sin; bhí painéal d'adhmad céadair air ó urlár go fraitheacha.


D'iompair na sagairt áirc chonradh an Tiarna go dtí a hionad i sanctóir an Teampaill, is é sin san áit shárnaofa, faoi sciatháin na gceiribíní.


Ansin thóg sé an áit shárnaofa; bhí sé fiche banlámh ar fhad ar feadh leithead an halla mhóir, agus fiche banlámh ar leithead. Rinne sé é a chumhdach le sé chéad tallann d'ór fíre.


Déanfaidh tú dhá fhráma do chúinní an taibearnacail laistiar.


Thomhais sé a fhad, a bhí fiche banlámh; agus a leithead thar an halla, a bhí fiche banlámh. Dúirt sé liom ansin: “Is é seo an áit is naofa.”


As an tearmann seo tomhaisfidh tú roinn cúig mhíle banlámh is fiche ar fad agus deich míle banlámh ar leithead ina mbeidh an sanctóir, an áit rónaofa.


labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: “Abair le do dheartháir Árón gan teacht isteach, nuair a bhuaileann an fonn é, thar fial sa sanctóir i bhfianaise chathaoir na trócaire os cionn na háirce; ba bhaol báis dó é, óir taispeánaim mé féin i néal ar chathaoir na trócaire.


Laistiar den dara cuirtín bhí an bhoth a dtugtar an Áit Rónaofa air.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí