Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 3:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 Tá do shearbhónta i measc an phobail seo atá tofa agat, pobal atá chomh hiomadúil sin nach féidir a líon a áireamh ná a mheas.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Agus atá do shearbhfhoghantuigh a lár do phobail noch do thogh tú, pobal mór, nach féidir áireamh nó mheas air iomadamhlachd.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 3:8
12 Tagairtí Cros  

Déanfaidh mé do shíol mar an luaithreach ar an talamh i dtreo má fhéadann daoine na cáithníní luaithe ar an talamh a chomhaireamh, ansin féadfaidh siad do shíolsa a chomhaireamh!


Agus thug sé leis amach é agus dúirt: “Féach suas ar an spéir agus comhair na réaltaí más féidir duit iad a áireamh. Mar sin,” ar sé ansin, “a bheidh do shíol.”


dáilfidh mé na frasa beannachtaí uaim anuas ort. Cuirfidh mé an rath ar do shíol ionas go mbeidh siad líonmhar mar réaltaí neimhe nó mar ghaineamh na trá; agus beidh seilbh ag do shliocht ar gheataí [cathrach] do naimhde.


Bhí Iúdá agus Iosrael chomh líonmhar le gaineamh na trá; bhí bia agus deoch acu agus mhaireadar go sasta.


Dúirt Dáiví dá bhrí sin le Ióáb agus le hoifigigh shinsearacha an airm: “Imígí libh agus déanaigí daonáireamh ar Iosrael, ó Bhéit Seaba go Dán, agus tugaigí cuntas chugam i dtreo gurbh eol dom an líon iomlán.”


Thug sé ó chúram na gcaorach é a dhéanamh aoireacht a phobail, Iacób, agus Iosrael, a oidhreacht féin.


Cuirfidh mé spéis ionaibh agus déanfaidh mé rathúil líonmhar sibh agus daingneoidh mé mo chonradh libh.


Óir ní chaithfidh an Tiarna a phobal i leataobh ar son a ainm éachtaigh, mar ba é toil an Tiarna a phobal féin a dhéanamh díbh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí