Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 18:7 - An Bíobla Naofa 1981

7 Ar an tslí d'Obaidiá, b'sheo chuige ina choinne Éilias: d'aithin sé é agus chrom chun talún agus dúirt: “Nach tú, a thiarna, Éilias?”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 ¶ Agus mar do bhí Obadiah annsa tslighe, féuch, tárla Elias dó: agus daithin sé é, agus do thuit ar a aghaidh, agus a dubhairt, An tusa sin mo thighearna Elias?

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 18:7
16 Tagairtí Cros  

Ansin gháir Sárá léi féin á rá: “An amhlaidh a bheidh sólás agam le m'fhear céile anois agus mé thar aois leanbh a iompar, agus eisean aosta chomh maith?”


D'fhéach sé suas agus b'shiúd triúr fear ina seasamh ina chóngar. Chomh luath agus a chonaic sé iad, rith sé ó bhéal na botha ina gcoinne agus shléacht go talamh rompu.


“Cad tá le rá againn leat, a thiarna?” arsa Iúdá, “cén chosaint atá againn le déanamh orainn féin? Tá ciontacht do shearbhóntaí nochta ag Dia féin. Anois, más ea, seo sinn mar dhaoir agat, a thiarna, sinne chomh maith leis an té a bhfuarthas an corn ina sheilbh.”


Agus dúramar le d'onóir: ‘Tá athair againn, seanfhear, agus deartháir óg a rugadh dó ina sheanaois; tá a dheartháirsean tar éis bháis agus níl fágtha ach eisean de chlann a mháthar; agus tá cion ag a athair air.’


Anois dá bhrí sin, impím ort, lig do do shearbhónta fanacht ina dhaor ag mo thiarna, agus scaoil an buachaill ar ais lena dheartháireacha.


Tháinig a dheartháireacha uathu féin agus shléachtadar dó agus dúirt: “Seo sinne inár searbhóntaí agat!”


Bhí míle fear ó Bhiniáimin in éineacht leis. Zíbeá, searbhónta theaghlach Shóil, agus a chúigear mac déag, agus fiche seirbhíseach, shroich siad an Iordáin roimh an rí,


Lá dá ndeachaigh Iarobám amach as Iarúsailéim, casadh an fáidh Aichíá ó Shileo air ar an mbóthar; bhí fallaing nua ar Aichíá, agus bhí an bheirt acu leo féin i lár na tuaithe.


Roinneadar an tír eatarthu don chuardach; d'imigh Acháb bóthar amháin leis féin, agus d'imigh Obaidiá bóthar eile leis féin.


“Is mé sin,” a d'fhreagair sé, “agus imigh leat agus abair le do mháistir: ‘Tá Éilias anseo, féach!’ ”


Tiocfaidh clann lucht an ansmachta ag cromadh síos i do láthair; sléachtfaidh ag do chosa an dream a mba tháir leo thú. Tabharfaidh siad Cathair an Tiarna ort, Síón Neach Naofa Iosrael.


Dúirt Árón le Maois: “Fóir orainn, a thiarna! Ná hagair orainn peaca a rinneamar le baois ach ina bhfuilimid ciontach.


Ach cad a chuaigh sibh amach a fheiceáil? Duine a bhí cóirithe go mín? Iad seo a mbíonn éadaí míne orthu, is i dtithe na ríthe atá siad.


Agus Eoin féin, bhí éadach de rón camaill air, agus crios leathair faoina choim, agus is é bia a bhíodh aige, lócaistí agus mil fhiáin.


Nuair a d'imigh an giolla d'éirigh Dáiví ón áit ina raibh sé ag taobh an chairn agus chaith é féin ar a bhéal ar an talamh agus chrom faoi thrí. Ansin phógadar a chéile agus ghoileadar go fuíoch le chéile nó gur tháinig Dáiví chuige féin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí