Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 16:30 - An Bíobla Naofa 1981

30 Rinne Acháb mac Omraí an t‑olc i bhfianaise an Tiarna agus sháraigh sé ar ghabh roimhe go léir lena dhrochbhearta.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

30 Agus do rinne Ahab mac Omri olc a radharc an TIGHEARNA ós cionn a nuile rígh do bhí roimhe.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 16:30
11 Tagairtí Cros  

Rinne tusa olc thar mar a rinne ar tháinig romhat; mar d'imigh tú leat agus rinne tú déithe eile duit féin, íomhánna de mhiotal leáite, rud a chuir fearg orm; agus thug tú droim láimhe liom.


Rinne Omraí an t‑olc i bhfianaise an Tiarna, agus sháraigh sé ar ghabh roimhe go léir lena dhrochbhearta.


Tháinig Acháb mac Omraí i gcoróin ar Iosrael san ochtú bliain tríochad de réimeas Ásá rí Iúdá, agus bhí sé ina rí ar Iosrael sa tSamáir ar feadh dhá bhliain agus fiche.


Ba é ba lú a rinne sé ná aithris a dhéanamh ar Iarobám mac Nabát; phós sé Ízeibil iníon Eatbál rí na Síodónach, agus ansin chrom sé ar fhónamh do Bhál agus é a adhradh.


Chuir Acháb cuaille naofa ina sheasamh chomh maith, agus rinne sé coireanna eile ag griogadh an Tiarna, Dia Iosrael, thar mar a rinne ríthe uile Iosrael a ghabh roimhe.


Ní raibh macasamhail Acháb riamh ann, ar ndóigh, le hé féin a reic chun an t‑olc i súile an Tiarna a dhéanamh, agus é á spreagadh ag Ízeibil a bhean chéile.


Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna agus lean sé sampla a athar agus a mháthar, agus Iarobám mac Nabát a sheol Iosrael ar bhealach an pheaca.


Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna, ach níorbh ionann agus ríthe eile Iosrael a ghabh roimhe.


Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna, cé nach mar a rinne a athair agus a mháthair, mar chuir sé gallán Bhál a rinne a athair as an tslí.


Nuair a chonaic Iórám Iéahú d'fhiafraigh sé de: “An síocháin bhur ngnó, a Iéahú?” D'fhreagair sé: “Cén tsíocháin a d'fhéadfadh a bheith i gceist agus a bhfuil de striapachas agus phisreoga gan áireamh ar siúl ag do mháthair Ízeibil.”


ach sampla ríthe Iosrael, agus gur thug tú ar Iúdá agus ar áitritheoirí Iarúsailéim a bheith mídhílis, faoi mar a thug teaghlach Acháb ar Iosrael a bheith mídhílis, agus gur mharaigh tú, as do theaghlach féin, do dheartháireacha ab fhearr d'fhir ná thú féin,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí