Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 14:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 Rinne bean Iarobám amhlaidh, chuir chun bóthair, chuaigh go Sileo agus tháinig go teach Aichíá. Ní raibh aon radharc ag Aichíá mar go raibh a shúile caoch ón tseanaois.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Agus do rinne bean Ieroboam mar sin, agus déirigh, agus do chuáidh go Síloh, agus tháinic go tigh Ahiiah. Achd níor bhféidir le Ahiiah éinní dfaicsin; óir do dhruideadar a shúile tre mhéad a aóise.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 14:4
12 Tagairtí Cros  

Chuaigh Íosác in aois agus sramdhalladh a shúile i dtreo nárbh fhéidir leis aon ní a fheiceáil. Ghlaoigh sé chuige ar Éasau an mac ba shine. “A mhic,” ar sé leis, agus d'fhreagair seisean: “Anseo dom.”


Bhí scáthshúilí ar Iosrael leis an aois i dtreo nach raibh radharc aige orthu. Thug Iósaef níos cóngaraí dó iad dá bhrí sin agus phóg sé an bheirt agus ghlac chuige ina ucht iad.


Lá dá ndeachaigh Iarobám amach as Iarúsailéim, casadh an fáidh Aichíá ó Shileo air ar an mbóthar; bhí fallaing nua ar Aichíá, agus bhí an bheirt acu leo féin i lár na tuaithe.


Agus dúirt Iarobám lena bhean: “Téanam, le do thoil! Cuir bréagriocht ort féin ionas nach n‑aithneoidh aon duine gur tú bean Iarobám, agus téigh go Sileo. Tá an fáidh Aichíá ansiúd, an té a dúirt go mbeinnse i mo rí ar an bpobal seo.


Seachtó bliain suim ár saolré; nó ceithre fichid má fhaighimid ár sláinte. Saothar agus stró a sealsan; imíonn siad ar luas agus bíonn deireadh linn.


nuair a bhíonn coimeádaithe an tí ar crith agus na fir láidre cromtha síos; nuair a stadann na meilteoirí mná den obair de bhrí nach bhfuil ach roinnt bheag díobh ann; nuair nach bhfeictear níos mó an bhantracht a bhíodh ag féachaint amach an fhuinneog;


Bhí Maois céad agus a fiche bliain d'aois nuair a fuair sé bás; ní raibh a radharc teipthe ná a bhrí tráite.


Chruinnigh tionól phobal uile Iosrael le chéile ag Sileo agus cóiríodh Both na Teagmhála ansiúd dóibh; bhí an tír uile faoina smacht agus faoina réir.


Tharla lá amháin go raibh Éilí ina luí ina sheomra féin. Bhí radharc na súl ag teip air i dtreo nach raibh sé in ann dada a fheiceáil.


Bhí Éilí ocht mbliana nóchad; bhí a shúile calctha agus é gan radharc.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí