Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 14:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Téigh chuige agus beir leat deich mbuilín agus roinnt cístí agus crúiscín meala, agus inseoidh sé duit cad a imeoidh ar an leanbh.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Agus beir leachd deich mbuilín, agus cácadha, agus crúiscín meala, agus imthigh chuige: inneosuidh sé dhuit cred imeochus ar an leanamh.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 14:3
11 Tagairtí Cros  

Ansin dúirt an rí leis an ngiolla Dé: “Tar liom abhaile agus caith bia agus tabharfaidh mé luach saothair duit.”


Thit Achaizíá ó áiléar a sheomra uachtair sa tSamáir agus leonadh é. Chuir sé teachtairí uaidh dá bhrí sin á rá leo: “Imígí agus téigí i gcomhairle le Bál Zeabúb, dia Eacrón, agus fiafraigí an dtiocfaidh mé chugam féin as mo bhreoiteacht.”


Tháinig fear ó Bhál Seáiliseá agus thug leis chun giolla Dé arán a rinneadh de na céadtorthaí, fiche builín eorna agus arbhar úr [sa dias]. “Tabhair don phobal é le hithe,” arsa Eilíseá.


Ansin d'fhill sé ar an ngiolla Dé, é féin agus a chuideachta, agus sheas sé os a chomhair. “Anois a aithním,” ar seisean, “nach bhfuil Dia ar bith sa domhan ar fad ach amháin in Iosrael. Anois dá bhrí sin tóg bronntanas ó do shearbhónta, le do thoil.”


Dúirt rí Arám leis: “Imigh leat agus cuirfidh mise litir chuig rí Iosrael.” D'imigh sé agus thug sé leis deich dtallann airgid agus sé mhíle seicil óir agus deich n‑éide aonaigh.


tháinig bean ina láthair agus próicín alabastair d'ola chumhra mhórluachach aici, agus dhoirt sí ar a cheann í agus é ag bord.


Chuir na deirfiúracha teachtaireacht chuige á rá: “A thiarna, féach, tá an té is ionúin leat tinn.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí