Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 13:25 - An Bíobla Naofa 1981

25 Chonaic daoine a bhí ag gabháil thar bráid an corp sínte ar an mbóthar agus an leon chomh maith ina sheasamh ag taobh an choirp, agus d'imíodar agus d'insíodar ina thaobh sa chathair ina raibh cónaí ar an seanfháidh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

25 Agus, féuch, do bhádar daóine ag gabháil láimh ris, agus do chonncadar corp teilgthe ar a tslighe, agus an leomhan na sheasamh a bhfochair an chuirp: agus tangadar agus dinnisiodar sin ann sa gcathruigh ionar chomhnuigh an seanfháidh.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 13:25
2 Tagairtí Cros  

Agus bhí seanfháidh ina chónaí i mBéitéil, agus tháinig a chlann mhac á rá leis gach a ndearna an giolla Dé an lá sin i mBéitéil, agus na briathra a labhair sé leis an rí - d'insíodar iadsan leis dá n‑athair.


Agus nuair a chuala an fáidh, a chuir d'iallach ar an bhfear filleadh ar ais, ina thaobh, dúirt sé: “Sé an giolla Dé é, a bhí easumhal d'ordú an Tiarna! Thug an Tiarna suas don leon é, agus rinne seisean é a stolladh agus a mharú, de réir an bhriathair a labhair an Tiarna leis.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí