Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 13:24 - An Bíobla Naofa 1981

24 Ar an mbothar dó bhuail leon leis sa tslí agus mharaigh sé é. Fágadh a chorp sínte faon ar an mbóthar; d'fhan an t‑asal ina sheasamh ansiúd taobh leis, agus d'fhan an leon ina sheasamh ag an gcorp chomh maith.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

24 Agus a nuáir do imthigh sé, tárla léomhan ris ar a tslighe, agus do mharbh sé é: agus do teilgeadh a chorp ar a tslighe, agus do sheas an tassal láimh ris, agus do sheas an leomhan mar an gcéadna láimh ris an ccorp.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 13:24
9 Tagairtí Cros  

Nuair a bhí bia agus deoch caite aige, chuir an fáidh an diallait ar an asal dó, agus [chas sé timpeall agus d'imigh leis].


Dúirt sé leis ansin: “De bhrí nár ghéill tú d'ordú an Tiarna, a luaithe a fhágfaidh tú mé maróidh leon thú.” A luaithe a d'imigh sé uaidh, bhuail leon leis agus mharaigh sé é.


Chas sé timpeall agus d'fhéach orthu agus chuir mallacht orthu in ainm an Tiarna. Tháinig dhá bheithir bhaineanna amach as an gcoill agus stolladar beirt agus daichead de na buachaillí.


“Tá leon lasmuigh,” a deir an leisceoir! “Marófar sa tsráid mé!”


“Tá leon ar an mbóthar,” a deir an leisceoir, “tá leon sna sráideanna.”


mar dhuine a d'éalódh ó leon ach gur bhuail béar leis; nó mar dhuine a rachadh isteach ina theach agus a leagfadh a lámh ar an mballa ach gur rug nathair nimhe air.


Chonaic an t‑asal mé agus chas i leataobh mar sin uaim trí huaire. Ba mhaith an mhaise duit gur chas sé i leataobh nó bheifeá marbh agam faoin am seo, fág go scaoilfinn a anam leis.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí