Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 11:25 - An Bíobla Naofa 1981

25 Bhí sé namhdmhar le hIosrael fad a mhair Solamh agus bhíodh sé ag déanamh na hurchóide dála Hadad; b'fhuath leis Iosrael agus bhí sé i gceannas na Síre.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

25 Agus do bhí sé na námhuid ag Israel ar feadh shaoghail Sholuimh, taobh amuigh don olc do rinne Hádad: agus do fhúathaigh se Israel, agus do bhí na rígh ós cionn na Síria.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 11:25
9 Tagairtí Cros  

Ansin dúirt Iacób le Simeon agus Léiví: “Tá dochar déanta agaibh dom, mar go bhfuilim de bhur mbarr i m'ábhar fuatha ag áitritheoirí na tíre, na Canánaigh agus na Pirizigh. Táimse ar bheagán slua; má chruinníonn siad le chéile i m'aghaidh agus tabhairt fúm, scriosfar mé, mise agus mo theaghlach.”


Dúirt Aichítifeil le hAibseálóm: “Luigh leis na leannáin dá chuid a d'fhág d'athair i bhfeighil a thí; ansin beidh a fhios ag Iosrael go léir go mbeidh an ghráin ag d'athair ort, agus beidh breis misnigh ag do lucht tacaíochta go léir.”


Bhailigh roinnt fear ina thimpeall agus rinne ceannaire buíon foghlaithe de (ach rinne Dáiví ár orthu). Chuaigh siad go dtí an Damaisc agus chuir siad faoi ann agus rinne rí ar an Damaisc de.


Mac do Nabát, Eafráimeach ó Zaraedá, ab ea Iarobám; Zarúá ab ainm dá mháthair, agus baintreach ab ea í. Bhí sé ag déanamh seirbhíse do Sholamh, ach rinne sé ceannairc.


Óir bhí sé i gceannas ar an dúiche go léir laistiar den Eofrataes, ar na ríthe go léir laistiar den Eofrataes, ó Thifseá go Gazá, agus bhí síocháin aige ar gach teorainn máguaird.


agus ghabh sé amach i gcoinne Ásá agus dúirt leis: “Éist linn, a Ásá, a Iúdá agus a Bhiniáimin go léir. Tá an Tiarna in éineacht libh fad tá sibhse in éineacht leis. Má lorgann sibh é, gheobhaidh sibh é, ach má thréigeann sibh é, tréigfidh sé sibh.


Bhladhm fraoch Dé in aghaidh a phobail; ghlac sé déistin lena oidhreacht féin.


In aon mhí amháin chuir mé an triúr aoire dá gcois. Ach bhí briste ar an bhfoighne agam leis an tréad agus ba ghráin leosan mise chomh maith.


Ná bíodh fuath agat don Eadómach óir is bráthair duit é, ná don Éigipteach mar gur dheoraí thú ina thír.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí