Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 11:23 - An Bíobla Naofa 1981

23 D'ardaigh Dia namhaid eile dó, Razón mac Eiliádá. Theith seisean óna mháistir Hadad Eizir rí Zóbá.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

23 ¶ Agus do chorruigh Día námhuid oile súas na aghaidh, Reson mac Eliada, noch dó theith ó na thighearna Hádadeser rígh Sóbah:

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 11:23
18 Tagairtí Cros  

Mháirseáil na hAmónaigh amach agus chuadar in eagar catha ag béal an gheata, ach d'fhan Aramaeigh Zóbá agus Rachob, muintir Thób agus Mhácá, leo féin sa mhachaire.


cén ceart atá ag aon duine a rá: ‘Cad chuige a ndearna tú seo?”’ Dúirt Dáiví le hAibísí agus lena chuid oifigeach go léir: “Ar ndóigh tá mo mhac féin, síol mo choirp, ag iarraidh mé a mharú anois. Cá hionadh, mar sin, gur mó a bheadh an Biniáimineach seo á iarraidh? Lig do a bheith ag mallachtaigh leis, más é sin an rud a dúirt an Tiarna leis.


Chloígh Dáiví Hadad Eizir mac Rachob rí Zóbá agus é ar an mbealach ag iarraidh a chumhacht a leathnú thar an Abhainn.


Tháinig Aramaeigh ón Damaisc i gcabhair ar Hadad Eizir rí Zóbá, ach mharaigh Dáiví dhá mhíle agus fiche de na hAramaeigh.


Thug Dáiví rí dlús mór cré-umha ó Bheatach agus Baerotaí, bailte le Hadad Eizir.


D'ardaigh an Tiarna namhaid in aghaidh Sholaimh, Hadad an tEadómach; de ríshliocht Eadóm eisean.


Ach dúirt Forann leis: “Cad a bhí de dhíth ort faramsa a rá is go bhfuil tú anois ag iarraidh filleadh ar do thír féin?” “Ní raibh aon ní,” ar sé, “ach lig dom imeacht.”


Thóg Ásá leis ansin a raibh fágtha d'airgead agus d'ór ó chistí Theampall an Tiarna agus phálás an rí. Chuir an rí Ásá an t‑iomlán i lámha a shearbhóntaí, sheol sé iad go Bein Hadad mac Thabrimeon mac Heizión, rí Arám, a raibh cónaí air sa Damaisc leis an teachtaireacht:


Nuair a chonaic na hAmónaigh go raibh an ghráin ginte ag Dáiví dóibh, sheoladar míle tallann airgid le carbaid agus carbadóirí a fhostú ó Aramaeigh na Measpatáime Uachtaraí, Mácá agus Zóbá.


Sa chéad bhliain de réimeas Chíorais rí na Peirse, i dtreo go gcomhlíonfaí briathar an Tiarna ó bhéal Irimia, mhúscail an Tiarna spiorad Chíorais rí na Peirse le forógra a thabhairt agus é a fhoilsiú ar fud a ríochta go léir:


Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn “Lile an Dlí”. Mictam le Dáiví. Le foghlaim.


Seo, tá mé ag gríosú na Méideach ina n‑aghaidh, gur cuma leo airgead agus gur táir leo ór.


An ea nár chuala tú? Fadó riamh a bhí sin leagtha amach agam; sna laethe anallód a bheartaigh mé é, anois tá sé á chur i gcrích agam. Ba é ba chinniúint duitse dúnbhailte a réabadh ina mollta conamair.


Is mise an Tiarna; níl m'athrach eile ann; ach mise amháin, níl aon dia ann. Gan aithne agat orm, tá tú i mbun airm agam


Ionsóidh tú mo phobal Iosrael amhail néal ag clúdach na talún. Sna laethanta déanacha spreagfaidh mé thú chun mo thír a ghabháil i dtreo go n‑aithneoidh na ciníocha mé, nuair a bhainfidh mé feidhm asatsa, a Ghóg, chun mo naofacht a léiriú os a gcomhair.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí