Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 10:5 - An Bíobla Naofa 1981

5 bia a bhoird agus an chóir a bhí ar a oifigigh, eagrú a lucht freastail agus an feisteas a bhí orthu, lucht iompair na gcorn aige agus na híobairtí dóite a d'ofráladh sé i dTeampall an Tiarna, baineadh stangadh aisti,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Agus biádh a bhuird, agus suidhe a sherbhíseach, agus miniostralachd a luchd fritheoilte, agus a néuduighe, agus fós a ghiolluighe cupáin, agus a dhul súas mar a ttíagh súas go tigh an TIGHEARNA; ní raibh nios mó do spioruid inte.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 10:5
12 Tagairtí Cros  

Nuair a chonaic banríon Sheabá chomh críonna ar fad agus a bhí Solamh, an pálás a bhí tógtha aige,


agus dúirt sí leis an rí: “Ba í an fhírinne, mar sin, a chuala mé i mo thír féin faoi do chúraimí agus faoi do chríonnacht!


Le hurraim do rí na hAsaíre, thóg sé chun siúil ó Theampall an Tiarna seomra an fháiltithe a bhí tógtha ansiúd, agus an iontráil ríoga lasmuigh.


Thit an crann don iarthar agus do Gheata an Chip ar Lár ar an mbóthar thuaidh, ar Shiuipím agus ar Hosá. Bhí an faire ar uanaíocht:


ina láthair fós ag geata an rí lastoir. Ba iadsan lucht faire gheataí champaí na Léivíteach.


Nuair a chonaic sí an rí ansiúd ina sheasamh taobh lena cholún ag an mbealach isteach, agus na cinn feadhna agus na trumpadóirí i dteannta an rí agus pobal na tuaithe go léir ag déanamh gairdis agus ag séideadh stoc, agus na cantairí ag cur ceann ar an gceiliúradh lena n‑uirlisí ceoil, stróic Atailiá a cuid éadaigh agus bhéic sí: “Feall! Feall!”


bia an bhoird agus an chóir a bhí ar a oifigigh, eagrú a lucht freastail, agus an feisteas a bhí orthu, lucht iompartha na gcorn aige agus na híobairtí dóite a d'ofráladh sé i dTeampall an Tiarna baineadh stangadh aisti,


Ceadófar don phrionsa amháin, áfach, suí ann lena bhéile a chaitheamh i láthair an Tiarna. Rachaidh sé isteach agus fágfaidh sé trí phóirse an gheata.”


rachaidh an prionsa isteach trí phóirse an gheata sheachtraigh agus bunóidh sé é féin ag ursaineacha an gheata. Ofrálfaidh na sagairt ansin a íobairt dhóite agus a íobairt síochána. Déanfaidh sé adhradh ag tairseach an gheata agus rachaidh sé amach, ach ní dhúnfar an doras go tráthnóna.


“Chuaigh beirt fhear suas don Teampall ag guí; Fairisíneach duine acu agus poibleacánach an duine eile.


Nuair a chuala ríthe na nAmórach a bhí sa dúiche laistiar den Iordáin agus ríthe uile na gCanánach a bhí ar fheorainn na farraige gur thriomaigh an Tiarna uiscí na Iordáine do phobal Iosrael, nó go rabhadar gafa anonn, tháinig beaguchtach orthu agus níor fhan aon mhisneach a thuilleadh acu de bharr chlann Iosrael.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí