Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 10:26 - An Bíobla Naofa 1981

26 Bhailigh Solamh carbaid agus capaill le chéile; bhí míle ceithre chéad carbad aige, agus dhá mhíle dhéag capall. Bhuanaigh sé iadsan sna cathracha carbad agus in aice an rí in Iarúsailéim.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

26 ¶ Agus do chruinnigh Solamh a gceann a cheile carbuid agus marcslúagh: agus do bhí aige míle agus ceithre chéud carbad, agus dhá mhile dhéug marcach, noch do chuir sé annsna caithreachaibh chum na ccarbad, agus ag an rígh ann Ierusalem.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 10:26
7 Tagairtí Cros  

Bhí [ceithre] mhíle mainséar agus dhá mhíle dhéag capall ag Solamh dá charbaid.


agus na cathracha stóir go léir a bhí ag Solamh, na cathracha dá charbaid agus dá eachra, agus gach arbh áil le Solamh a thógáil in Iarúsailéim, sa Liobáin, agus sna tíortha go léir a bhí faoina cheannas.


Bhí ceithre mhíle mainséar ag Solamh dá chapaill agus dá charbaid, agus dhá mhíle dhéag marcach; bhuanaigh sé iadsan sna cathracha carbad agus in aice an rí in Iarúsailéim.


Tá a ndúiche lán airgid agus óir agus níl deireadh go deo lena dtaiscí; tá a ndúiche lán de chapaill agus níl deireadh lena gcarbaid;


Ná cruinníodh sé a lán each dó féin áfach, agus ná cuireadh sé iallach ar an bpobal filleadh ar an Éigipt d'fhonn méadú ar líon a eachra; óir dúirt an Tiarna libh: ‘Ná filligí ar ais ar an mbealach sin go brách arís.’


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí