Gabh isteach ar an toirt go Dáiví rí agus abair leis: ‘Nár mhionnaigh tú, a thiarna rí, do do bhansearbhónta á rá: “Beidh Solamh do mhac ina rí i mo dhiaidh, agus sé a shuífidh i mo ríchathaoir”? Conas, mar sin, go bhfuil Adoiníá ina rí?’
Dar an Tiarna beo, an té sin a chuir mé go daingean i ríchathaoir Dháiví m'athair, agus a thug ríshliocht [dó] mar a gheall sé, cuirfear Adoiníá chun báis inniu féin.”
Leagfaidh mé ar lár ríchathaoireacha ríochtaí agus scriosfaidh mé cumhacht na náisiún; leagfaidh mé na carbaid agus na carbadóirí; titfidh capaill agus marcaigh síos, gach ceann acu le claíomh a chomharsan.