Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Peadar 4:5 - An Bíobla Naofa 1981

5 Ach tabharfaidh siad cuntas don té atá réidh le breithiúnas a thabhairt ar bheo agus ar mhairbh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

5 ach tabharfaidh siad cuntas ann os comhair an té sin atá le breithiúnas a thabhairt ar bheo agus ar mhairbh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 Bhéarfaidh siad cunntas do’n té atá ullamh chum breitheamhnas do thabhairt ar bheodhaibh agus ar mharbhaibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 An dream bhéuras conntas uátha don tí atá ullamh chum breitheamhnuis do dhéunamh air bhéódhuibh agus air mharbhuibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

5 Ach tabharfaidh siad cuntas don té atá réidh le breithiúnas a thabhairt ar bheo agus ar mhairbh.

Féach an chaibidil Cóip




1 Peadar 4:5
17 Tagairtí Cros  

Óir is cúram don Tiarna slí na bhfíréan, ach rachaidh slí na n‑éagráifeach ar ceal.


Óir tabharfaidh Dia breithiúnas ar gach gníomh, agus gach gníomh folaithe san áireamh freisin, cibé olc maith é.


Dá bhrí sin, tabharfaidh mé breithiúnas ort, a mhuintir Iosrael; ar gach duine de réir a ghníomhartha - an Tiarna Dia a labhraíonn. Déanaigí aithrí agus tréigigí bhur bpeacaí go léir; seachnaígí gach ócáid scannail agaibh.


Ach deirim libh, gach focal gan bhun dá labhróidh daoine, tabharfaidh siad cuntas ann lá an bhreithiúnais,


Chuir sé fios air agus dúirt leis: ‘Cad é seo a chluinim mar gheall ort? Tabhair cuntas uait i do mhaoirseacht, óir ní féidir thú a bheith i do mhaor feasta.’


agus d'ordaigh sé dúinn a fhógairt don phobal agus a dhearbhú gurb é atá ceaptha ag Dia ina bhreitheamh ar bheo agus ar mhairbh.


Mar tá an lá ceaptha aige ina dtabharfaidh sé breithiúnas de réir an chirt ar an domhan iomlán; agus tá fear roghnaithe aige chuige, rud a chruthaigh sé do chách uile nuair a thóg sé ó mhairbh é.”


Mar is chuige seo a fuair Críost bás agus a d'éirigh beo: chun go mbeadh tiarnas ar bheo agus ar mhairbh araon aige.


I bhfianaise Dé agus i bhfianaise Chríost Íosa atá chun breithiúnas a thabhairt ar bheo agus ar mhairbh, achtaím ort dar a thaibhsiú agus dar a ríocht


Ná déanaigí casaoid ar a chéile ionas nach dtabharfar breith oraibh; féach, tá an breitheamh cheana féin i mbéal an dorais.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí