Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Corantaigh 1:12 - An Bíobla Naofa 1981

12 Is é atá i gceist agam go mbíonn gach duine agaibh á rá: “leanaimse Pól,” nó “leanaimse Apollós,” nó “leanaimse Céafas,” nó “leanaimse Críost.”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

12 Is é atá á rá agam go mbíonn gach uile dhuine agaibh á rá, “Is le Pól mise,” nó “Is le hApollós mise,” nó “Is le Céfas mise,” nó “Is le Críost mise.”

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 Is é seo adeirim, go n‐abrann gach duine agaibh, Is le Pól mise; nó, is le h‐Apollos mise; nó is le Céfas mise; nó, is le Críost mise.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Ag so a ní a deirim, go nabair gach áon agaibhsi, Gabhaimse ré Pól; gabhaimsi ré Hápollos; gabhaimsi ré Céphas; gabhaimsi ré Críosd.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

12 Is é atá i gceist agam go mbíonn gach duine agaibh dá rá: “leanaimse Pól,” nó “leanaimse Apallós,” nó “leanaimse Céafas,” nó “leanaimse Críost.”

Féach an chaibidil Cóip




1 Corantaigh 1:12
20 Tagairtí Cros  

Rinneadh dhá pháirtí de mhuintir Iosrael ansin; lean leath an phobail Tibní mac Ghíonat le rí a dhéanamh de, agus an leath eile Omraí.


Ach ná bíodh ‘raibí’ á thabhairt oraibhse; óir níl ach an t‑aon Mháistir oraibh, agus is bráithre sibhse uile.


Thug sé leis é chun Íosa. D'fhéach Íosa go grinn air agus dúirt: “Is tú Síomón mac Eoin. Tabharfar ort Céafas” - focal a chiallaíonn Carraig.


Tháinig go hEifeasas Giúdach darbh ainm Apollós. Alastraíneach ba ea é ó dhúchas, é dea-labhartha agus sároilte ar na scrioptúir.


Le linn d'Apollós bheith i gCorant, bhí Pól ag taisteal trí na críocha intíre nó gur tháinig sé go hEifeasas. Fuair sé roinnt deisceabal ansiúd roimhe


Mar tá sé curtha ar mo shúile dom ag muintir Chlóé, a bhráithre, go mbíonn sibh in achrann le chéile.


gur thaispeáin sé é féin do Chéafas agus ina dhiaidh sin don dáréag;


Is é atáim a rá libh, a bhráithre, nach féidir d'fhuil agus d'fheoil ríocht Dé a shealbhú mar oidhreacht ná ní féidir don rud somhillte an domhillteacht a shealbhú.


Maidir lenár mbráthair Apollós, rinne mé tathant air go dian dul ag triall oraibh in éineacht leis na bráithre eile, ach níl fonn dá laghad air dul ann faoi láthair. Tiocfaidh sé, áfach, nuair a bheidh an deis aige.


Thagair mé na nithe seo dom féin agus d'Apollós, a bhráithre, ar mhaithe libhse, i dtreo go bhfoghlaimeodh sibh ónár gcásna gan a bheith ag dul thar cailc, agus gan duine a bheith ag déanamh mórtais as duine amháin i gcoinne duine eile.


Is é atáim a rá libh, a bhráithre, go bhfuil an uain dulta i ngiorracht; dá chionn sin, iad seo a bhfuil bean acu, bídís ar chuma daoine nach mbeadh aon bhean acu;


Nach bhfuil sé de cheart againn bean chéile a bheith lenár gcois againn dála na n‑aspal eile, dála bhráithre an Tiarna agus dála Chéafais?


Féachaigí ar a bhfuil os comhair bhur súl. Aon duine a áitíonn air féin gur le Críost é, smaoiníodh sé arís ar an méid seo: gur le Críost sinne chomh maith céanna leis.


Seo mar atá an scéal: an té a chuireann an síol go gann, is gann an fómhar a bhainfidh, ach an té a chuireann go fairsing, bainfidh sé fómhar fairsing.


Agus nuair a d'aithníodar an grásta a bhí bronnta orm, thug na crainn taca sin, Séamas agus Céafas agus Eoin, deaslámh na páirte dom féin agus do Bharnabas, ar chuntar go rachaimisne chuig na gintlithe agus iad féin chuig na Giúdaigh.


Ach is chuige seo atáim: an conradh a bhí daingnithe ag Dia, ní féidir don reacht a tháinig i bhfeidhm ceithre chéad agus tríocha bliain ina dhiaidh sin an conradh sin a chur ar ceal agus an gealltanas a chur ar neamhní.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí