Matha 7:9 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Nó cia h‐é an duine agaibh, má iarrann a mhac arán air gur cloch thiubhras sé dhó? An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Mar cé agaibh a thabharfas cloch dá mhac, agus é ag iarraidh aráin air? Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Nó cé’n duine agaibh, dá n-iarradh a mhac arán air, a shínfeadh cloch chuige? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Oir cía an duine agaibhsi, ma atá gi níarrfuigh a mhac arán, do bhéuradh cloch dhó? Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Nó cé h-é an duine agaibh-se go n-iarrfaidh a mhac arán air agus gur cloch a thabharfaidh sé dhó? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Nó cén duine agaibh a n-iarrfaidh a mhac arán air, agus ar cloch a shínfidh sé chuige? An Bíobla Naofa 1981 Nó cén duine agaibh a n‑iarrfaidh a mhac arán air, agus ar cloch a shínfidh sé chuige? |
Óir gach aoinneach iarras glacann sé; agus gach aoinneach loirgeas do‐gheibh sé; agus an té chnagas foscaltar dó.