Adubhairt Íosa leo, Nár léigheabhar riamh ins na scrioptúiribh, An chloch d’ár dhiúltuigh na saoir, Atá cloch chinn chúinne déanta dhí: Is ó’n Tighearna tháinig sí, Agus is iongnantach é ’n‐ár súilibh.
Matha 26:54 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht cionnas do cóimhlíonfaidhe mar sin na scrioptúirí adeir gur mar seo caithfear a bheith? An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach dá ndéantaí amhlaidh, conas a chomhlíonfaí an scrioptúr a deir go gcaithfidh sé bheith mar seo?” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Cad é an dóigh, mar sin, a gcóimhlíonfar na Scrioptúirí, óir is mar sin is éigean a bheith? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd cionnas do coimhlíonfuidhthe mar sin na sgrioptúirí, gur ab mar so is éigin a bheith. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Conus, d’á bhrígh sin, a cómhlíonfar an scriptiúir, óir ní foláir a thuitim amach mar seo. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Conas a chomh-líonfaí na scrioptúir, más ea, a deir gur mar seo nach foláir dó a bheith?” An Bíobla Naofa 1981 Conas a chomhlíonfaí na scrioptúir, más ea, a deir gur mar seo nach foláir a bheith?” |
Adubhairt Íosa leo, Nár léigheabhar riamh ins na scrioptúiribh, An chloch d’ár dhiúltuigh na saoir, Atá cloch chinn chúinne déanta dhí: Is ó’n Tighearna tháinig sí, Agus is iongnantach é ’n‐ár súilibh.
Atá Mac an Duine ag imtheacht, fá mar atá scríobhtha ’n‐a thaobh: acht monuar do’n fhear sin tré n‐a mbraithtear Mac an Duine! do b’fhearr‐de an fear sin dá mba nach rugadh é ariamh.
Má dubhairt sé gur déithe iad‐san, go dtáinig briathar Dé chuca (agus ní féidir an scrioptúir do chur ar neamh‐nidh),
agus adubhairt, A bhráithreacha, ní foláir go gcóimhlíonfaidhe an scrioptúir, do thairngir an Spiorad Naomh tré bhéal Dáibhi i dtaobh Iúdáis, an té do threoruigh iad‐san go ghabh Íosa.