Agus le linn dó bheith ag labhairt, féach, tháinig Iúdás, duine de’n dáréag, agus sluagh mór ’n‐a chuideachtain, agus claidhmhte agus bataí aca, tháinig siad ó uachtaránaibh na sagart agus ó sheanóiribh an phobail.
Matha 26:48 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus an fear do bhraith é, thug sé cómhartha dhóibh, g‐á rádh, An té d’á dtabharfad‐sa póg, is eisean é: beiridh air. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Anois bhí comhartha tugtha dóibh ag an bhfealltóir, agus é ráite aige, “An fear a dtabharfaidh mé póg dó, is é sin an duine atá uaibh; beirigí air.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus an té a bhraith é, thug sé cómhartha dóibh, ag rádh: Cibé a dtabharfaidh mé póg dó, is é sin é: beirigidh air. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd tug an fear do bhrath é comhartha dhóibhsean, ag rádh, Giodh bé neach dhá dtiobhra misi póg, a sé sin é: beiridh air. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) An fear a bhrath é, ámhthach, thug sé cómhartha dhóibh; dubhairt sé leó: An t-é go dtabharfad-sa póg dó, siné é; gabhaidh greim air. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Bhí an comhartha ag fear a bhraite dóibh: “An duine a bpógfaidh mé é,” ar seisean, “sin é é: gabhaigí é.” An Bíobla Naofa 1981 Bhí an comhartha ag fear a bhraite dóibh: “An duine a bpógfaidh mé é,” ar seisean, “sin é é: gabhaigí é.” |
Agus le linn dó bheith ag labhairt, féach, tháinig Iúdás, duine de’n dáréag, agus sluagh mór ’n‐a chuideachtain, agus claidhmhte agus bataí aca, tháinig siad ó uachtaránaibh na sagart agus ó sheanóiribh an phobail.
Agus an té do bhraith é, thug sé cómhartha dhóibh, ’g‐á rádh, An té úd d’á dtiubhrad‐sa póg, is eisean é; beiridh air, agus tabhraidh libh slán é.