Ar an adhbhar sin adeirim libh, Tógfar ríoghacht Dé uaibh‐se, agus do‐bhéarfar í do chineadh bhéarfas a tortha.
Matha 21:42 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Adubhairt Íosa leo, Nár léigheabhar riamh ins na scrioptúiribh, An chloch d’ár dhiúltuigh na saoir, Atá cloch chinn chúinne déanta dhí: Is ó’n Tighearna tháinig sí, Agus is iongnantach é ’n‐ár súilibh. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Arsa Íosa leo, “Nach bhfuil léite agaibh sna scrioptúir: ‘An chloch sin dar dhiúltaigh na saoir tá sí mar chloch chinn sa chúinne; is é sin an gníomh a rinne an Tiarna, agus is iontach é inár súile?’ Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Deir Íosa leo: Nár léigh sibh ariamh ins na Scrioptúirí: An chloch ar dhiúltuigh na saoir chloiche dí, tá cloch choirnéil déanta dí? Is é an Tighearna a rinne é sin, agus tá sé iongantach i n-ár súla. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) A deir Iósa ríu, Nar léaghabhair a ríamh ann sna sgrioptúraibh, An chloch do dhiúltadar na sáoir, a si a tá ar ne déanamh na ceann ann sa chúaínne: a sé an Tighearna do rinne so, agus a tá sé iongantach ann ar súilibhne? Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Dubhairt Íosa leó: Nár léigheabhair riamh sa sgríbhinn: An chloch d’ár dhiúltuigh na saoir, isí atá ’n-a cloich cinn chúinne: Isé an Tighearna do dhein é sin, agus is iongantach é i n-ár súilibh-ne. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dúirt Íosa leo: “Nár léigh sibh riamh sna scrioptúir: ‘An chloch dár dhiúltaigh na saoir, rinneadh di ceann an chúinne; obair an Tiarna é seo agus is iontach inár súile é’? An Bíobla Naofa 1981 Dúirt Íosa leo: “Nár léigh sibh riamh sna scrioptúir: ‘An chloch dár dhiúltaigh na saoir, rinneadh di ceann an chúinne; obair an Tiarna é seo agus is iontach inár súile é’? |
Ar an adhbhar sin adeirim libh, Tógfar ríoghacht Dé uaibh‐se, agus do‐bhéarfar í do chineadh bhéarfas a tortha.
Is eisean an chloch go ndearna‐sibh‐se beag‐is‐fiú dhí, agus go ndearnadh cloch chinn chúinne dhí.
fá mar tá scríobhtha, Féach, cuirim i Síon ceap tuislidh agus carraig scannail, Agus cibé chreideas ann, ní náireochar é.
atá sibh tógtha ar bhun na n‐abstal agus na bhfáidh gur ab é Críost féin an phríomh‐chloch chúinne dhe;